User Guide
Table Of Contents
- Ábhar
- 1 Forbhreathnú ar an Scáileán Baile
- 2 Faigh Tacaíocht
- 3 Mear-Treoir
- 4 Suiteáil
- 5 Naisc
- 6 Athraigh Foinse
- 7 Cainéil
- 8 Eolaire Teilifíse
- 9 Freeview Play (múnlaí teilifíse na Ríochta Aontaithe).
- 10 Meáin
- 11 Oscail na Roghchláir Socruithe Teilifíse
- 12 Barra Rialaithe Cluichíochta
- 13 Smart TV agus Feidhmchláir
- 14 Netflix
- 15 Amazon Prime Video
- 16 YouTube
- 17 Alexa
- 18 Google Assistant
- 19 Bogearaí
- 20 Comhshaol
- 21 Sonraíochtaí
- 22 Fadhbanna
- 23 Sábháilteacht agus Cúram
- 24 Téarmaí Úsáide
- 25 Cóipchearta
- 26 Foinse Oscailte
- 27 Séanadh maidir le seirbhísí agus/nó bogearraí atá á dtairiscint ag tríú páirtithe
- Innéacs
20. Comhshaol
20.1. Lipéad Fuinnimh na
hEorpa
Cuireann Lipéad Fuinnimh na hEorpa ar an eolas tú
maidir le haicme éifeachtacht fuinnimh an táirge seo.
A uaine is atá aicme éifeachtúlacht fuinnimh an táirge
seo, is é is lú fuinnimh a thomhlaíonn sé.
Is féidir leat an aicme éifeachtúlacht fuinnimh a fháil
ar an lipéad, mar aon leis an meántomhaltas
cumhachta don táirge seo, agus an meántomhaltas
fuinnimh don táirge seo agus é i mbun a úsáide. Is
féidir leat freisin luachanna tomhaltais cumhachta
don táirge seo a fháil ar shuíomh gréasáin Philips i do
thír féin ag www.philips.com/TVsupport
20.2. Uimhir chlárúcháin
EPREL
Uimhir chlárúcháin EPREL
43PUS7609 : 1854838
50PUS7609 : 1892647
55PUS7609 : 1892673
65PUS7609 : 1934419
75PUS7609 : 1934452
20.3. Deireadh Úsáide
Do sheantáirge agus do cheallraí a dhiúscairt
Dearadh agus monaraíodh do tháirge le hábhair agus
comhpháirteanna ar ardchaighdeán ar féidir iad a
athchúrsáil agus a athúsáid.
Nuair a bhíonn tá an tsiombail seo d'araid rothaí a
bhfuil cros air ar tháirge, ciallaíonn sé go bhfuil an
táirge clúdaithe ag Treoir Eorpach 2012/19/CE.
Cuir tú féin ar an eolas le do thoil faoin gcóras
bailiúcháin áitiúil ar leith do tháirgí leictreacha agus
leictreonacha.
Cloígh leis na rialacha áitiúla atá i bhfeidhm le do thoil
agus ná diúscair do sheantáirgí le do
ghnáthdhramhaíl tí. Nuair a dhiúscraíonn tú do
sheantáirge i gceart, cabhraíonn sé iarmhairtí a
d'fhéadfadh a bheith díobhálach don chomhshaol
agus do shláinte an duine a chosc.
Tá ceallraí i do tháirge atá san áireamh i dTreoir an
Chomhphobail Eorpaigh 2006/66/EC, nach féidir iad
a dhiúscairt le gnáthdhramhaíl tí.
Cuir tú féin ar an eolas le do thoil faoi rialacha áitiúla
maidir le bailiú ar leith ceallraí mar go gcabhróidh
diúscairt chuí iarmhairtí díobhálacha don chomhshaol
agus do shláinte an duine a chosc.
57