User Guide
Table Of Contents
- Ábhar
- 1 Forbhreathnú ar an Scáileán Baile
- 2 Faigh Tacaíocht
- 3 Mear-Treoir
- 4 Suiteáil
- 5 Naisc
- 6 Athraigh Foinse
- 7 Cainéil
- 8 Eolaire Teilifíse
- 9 Freeview Play (múnlaí teilifíse na Ríochta Aontaithe).
- 10 Meáin
- 11 Oscail na Roghchláir Socruithe Teilifíse
- 12 Barra Rialaithe Cluichíochta
- 13 Smart TV agus Feidhmchláir
- 14 Netflix
- 15 Amazon Prime Video
- 16 YouTube
- 17 Alexa
- 18 Google Assistant
- 19 Bogearaí
- 20 Comhshaol
- 21 Sonraíochtaí
- 22 Fadhbanna
- 23 Sábháilteacht agus Cúram
- 24 Téarmaí Úsáide
- 25 Cóipchearta
- 26 Foinse Oscailte
- 27 Séanadh maidir le seirbhísí agus/nó bogearraí atá á dtairiscint ag tríú páirtithe
- Innéacs
19. Bogearaí
19.1. Nuashonrú Bogearraí
Déan cuardach do Nuashonruithe
Nuashonrú ón Idirlíon
(Baile) > Socruithe > Nuashonraigh
bogearraí > Déan cuardach do
nuashonruithe > Idirlíon (molta)
Déan cuardach do nuashonrú bogearraí tú féin.
• Má tá an teilifís nasctha leis an Idirlíon, d'fhéadfá
teachtaireacht a fháil chun bogearraí na teilifíse a
nuashonrú. Teastaíonn nasc ardluais (leathanbhanda)
leis an Idirlíon. Má fhaigheann tú an teachtaireacht
seo, molaimid go ndéanfá an nuashonrú.
• Níl aon phictiúr i rith an nuashonraithe bogearraí
agus casfar an teilifís as agus air arís. D'fhéadfadh sé
sin tarlú roinnt uaireanta. D'fhéadfadh an nuashonrú
roinnt nóiméad a thógáil.
• Fan go dtí go dtiocfaidh pictiúr na teilifíse ar ais. Ná
brúigh an lasc cumhachta ar an teilifís nó ar an
gcianrialtán i rith an nuashonruithe bogearraí.
Nuashonraigh ó USB
(Baile) > Socruithe >Nuashonraigh
bogearraí > Déan cuardach do nuashonruithe >
USB
• Teastaíonn ríomhaire uait le nasc ardluais don
Idirlíon agus méaróg chuimhne USB chun na
bogearraí a uaslódáil ar an teilifís.
• Úsáid gléas cuimhne USB a bhfuil 750MB de spás
saor air. Bí cinnte go bhfuil cosaint ar scríobh casta as.
1 - Cuir tús leis an nuashonrú ar an teilifís
Roghnaigh Nuashonraigh Bogearraí > Déan
cuardach do nuashonruithe > USB, ansin brúigh OK.
2 - Sainaithin an teilifís
Cuir an maide chuimhne USB isteach i gceann de na
naisc USB ar an teilifís.
Roghnaigh Tosaigh agus brúigh OK. Scríobhtar
comhad aitheantais ar an gnléas cuimhne USB.
3 - Íoslódáil bogearraí na teilifíse
- Cuir an maide chuimhne USB isteach i do ríomhaire.
- Aimsigh an comhad update.html ar an maide
chuimhne USB agus cliceáil faoi dhó air.
- Cliceáil ar Seol ID.
- Má tá bogearraí nua ar fáil, íoslódáil an comhad
.zip.
- Dízipeáil an comhad tar éis na híoslódála agus
cóipeáil an comhad autorun.upg go dtí an maide
chuimhne USB.
- Ná cuir an comhad seo i bhfillteán.
4 - Nuashonraigh bogearraí na teilifíse
Cuir an mhéaróg chuimhne USB isteach sa teilifís arís.
Tosaíonn an nuashonrú go huathoibríoch.
Casann an teilfís í féin as ar feadh 10 soicind agus
ansin casann sí air arís. Fan le do thoil.
Ná. . . . .
• úsáid an cianrialtán
• bain an gléas cuimhne USB amach ón teilifís
• brúigh faoi dhó
• brúigh an lasc cumhachta ar an teilifís
Casann an teilfís í féin as (ar feadh 10 soicind) agus
ansin casann sí air arís. Fan le do thoil.
Tá bogearraí na teilifíse nuashonraithe. Is féidir leat an
teilifís a úsáid arís.
Scrios an comhad autorun.upg ón ngléas cuimhne
USB chun nuashonrú tionóisceach bhogearraí na
teilifíse a chosc.
Nuashonruithe Áitiúla
(Baile) > Socruithe >Nuashonraigh
bogearraí > Déan cuardach do
nuashonruithe > USB Nuashonruithe áitiúla.
Do mhiondíoltóirí agus sainúsáideoirí
19.2. Leagan Bogearraí
(Baile) > Socruithe > Nuashonraigh
Bogearraí > Eolas faoi na bogearraí reatha
Chun féachaint ar leagan reatha bogearraí na teilifíse.
19.3. Nuashonrú Bogearraí
Uathoibríoch
(Baile) > Socruithe > Nuashonraigh bogearraí >
Nuashonrú bogearraí uathoibríoch
Cas air Nuashonrú Bogearraí Uathoibríoch chun
bogearraí do theilifíse a nuashonrú go huathoibríoch.
Fág an teilifís ar fuireachas.
Nuair atá an socrú cumasaithe, íoslódáltar an t-
uasghrádú nuair atá an teilifís AIR agus suiteáltar é 15
nóiméad tar éis don teilifís a athrú go fuireachas
(chomh fada is nach bhfuil aon aláraim sceidealaithe).
Nuair atá an socrú díchumasaithe, taispeánfar an OSD
"Nuashonraigh Anois" / "Ar ball”.
55