User Guide

Table Of Contents
17. Alexa
17.1. Maidir le Alexa
Tacaíonn do theilifís le hoibríochtaí rialaithe gutha
Amazon Alexa*.
Maidir le Alexa
Seirbhís gutha néalbhunaithe é Alexa a bhfuil fáil
uirthi ar ghléasanna Alexa Echo ó Amazon agus ó
dhéantúsóirí gléis. Nuair atá Alexa ar do theilifís agat,
is féidir leat an teilifís a chasadh air/as, cainéil a athrú,
an airde fuaime a athrú agus tuilleadh.
Chun do theilifís a rialú le Alexa, beidh siad seo a
leanas ag teastáil uait...
• Philips Smart TV a thacaíonn le Alexa
• Cuntas Amazon
• Feidhmchlár Alexa* (leagan soghluaiste/taibléid)
• Nasc líonra gan gan sreang nó líonraithe
Maidir le Alexa Skill
Úsáideann Alexa na Alexa Skills chun cur le
hoibríochtaí rialaithe gutha. Cuireann Skills cumais
nua le do theilifís atá cumasaithe do Alexa, agus taithí
níos pearsantaithe. Is féidir an scil "Philips Smart TV
Control" a aimsiú ar an Alexa Skills store. Tairgeann sé
orduithe rialaithe gutha éagsúla duit a oibríonn le do
Philips Smart TV.
Tabhair faoi deara: D’fhéadfadh na stíleanna
Ambilight a dtacaítear leo a bheith ag brath ar
mhúnlaí sainiúla teilifíse. Féach ar threoir úsáideora
do theilifíse chun eolas a fháil faoi na stíleanna
Ambilight a dtacaítear leo.
Is trádmharcanna de chuid Amazon.com, Inc nó a
chomhlachatí cleamhnaithe iad Amazon, Alexa agus
gach lógó gaolmhar. Tá Amazon Alexa ar fáil i
dteangacha agus i dtíortha ar leith.
Braitheann fáil a bheith ar na seirbhísí ar an réigiún.
D’fhéadfaí sciar de na bogearraí/seirbhísí a
suiteáladh, nó iad ar fad, a athrú, a scor, a bhaint as, a
chur ar fionraí, nó a fhoirceannadh gan fógra.
17.2. Ag úsáid Alexa
Chun Alexa a úsáid, ní mór duit an tseirbhís cliaint a
shuiteáil ar do Philips Smart TV. Tosaigh an tsuiteáil
tríd an bhfeidhmchlár "Amazon Alexa" a lainseáil ó
scáileán Baile do theilifíse. Lean na treoracha agus
comhlánaigh na céimeanna seo a leanas:
- Roghnaigh ainm do do Smart TV chun go n-
aithneoidh Alexa í.
- Roghnaigh cuntas Amazon agus sínigh isteach.
- Téigh ar ais chuig an scil seo san Fheidhmchlár
Alexa ar d’fhón chun í a chumasú, cuntais a nascadh
agus do ghléasanna a aimsiú.
- Téigh ar ais chuig do theilifís chun an tsuiteáil a
chríochnú.
Suiteáil teilifíse d’Alexa
1 - Brúigh Home agus oscail an feidhmchlár
"Amazon Alexa".
2 - Teastaíonn an feidhmchlár Amazon (an ghléas
soghluaiste nó an leagan idirlín) chun a bheith réidh
chun an tsuiteáil a thosú.
3 - Lean na treoracha ar an scáileán chun glacadh le
téarmaí an Pholasaí Príobháideachais, do theilifís a
ainmniú agus síniú isteach i do chuntas Amazon. Tá
an cuntas Amazon ag teastáil chun péireáil leis an
ngléas Alexa.
4 - Ar do ghléas soghluaiste, sínigh isteach leis an
gcuntas Amazon céanna ar fheidhmchlár Amazon
Alexa.
5 - Déan na céimeanna seo a leanas i bhfeidhmchlár
Amazon Alexa. An chéad cheann ná an scil "Philips
Smart TV Control" a chumasú. An dara ceann do
chuntas Amazon a nascadh agus an chéim
dheireanach na gléasanna a aimsiú.
6 - Ag deireadh an scáileáin suiteála, is féidir leat
Déanta a roghnú chun tosú ag úsáid Alexa.
17.3. Orduithe Gutha Alexa
Seo roinnt rudaí le triail a bhaint as:
"Alexa, cad é an aimsir inniu?"
"Alexa, seinn amhrán"
"Alexa, léigh mo chlosleabhar"
"Alexa, taispeáin mo liosta le déanamh"
"Alexa, socraigh lasc ama 5 nóiméad"
"Alexa, cé chomh mór is atá an Domhan?"
"Alexa, cad é an nuacht?"
"Alexa, cad a chaill mé?"
Rudaí le triail a bhaint as nuair a bheidh scil “Philips
Smart TV” cumasaithe***:
52