User Guide
Table Of Contents
- Ábhar
- 1 Forbhreathnú ar an Scáileán Baile
- 2 Faigh Tacaíocht
- 3 Mear-Treoir
- 4 Suiteáil
- 5 Naisc
- 6 Athraigh Foinse
- 7 Cainéil
- 8 Eolaire Teilifíse
- 9 Freeview Play (múnlaí teilifíse na Ríochta Aontaithe).
- 10 Meáin
- 11 Oscail na Roghchláir Socruithe Teilifíse
- 12 Barra Rialaithe Cluichíochta
- 13 Smart TV agus Feidhmchláir
- 14 Netflix
- 15 Amazon Prime Video
- 16 YouTube
- 17 Alexa
- 18 Google Assistant
- 19 Bogearaí
- 20 Comhshaol
- 21 Sonraíochtaí
- 22 Fadhbanna
- 23 Sábháilteacht agus Cúram
- 24 Téarmaí Úsáide
- 25 Cóipchearta
- 26 Foinse Oscailte
- 27 Séanadh maidir le seirbhísí agus/nó bogearraí atá á dtairiscint ag tríú páirtithe
- Innéacs
Liosta Cainéal a Uaslódáil
Teilifíseanna nach bhfuil suiteáilte
Ag brath ar do theilifís a bheith suiteáilte cheana féin
nó gan a bheith suiteáilte, ní mór duit bealach éagsúil
a úsáid chun liosta cainéal a uaslódáil.
Go dtí teilifís nach bhfuil suiteáilte fós
1 - Plugáil isteach an pluga cumhachta chun an
tsuiteáil a thosú agus roghnaigh teanga agus tír. Is
féidir leat dul thar an gcuardach cainéal. Críochnaigh
an tsuiteáil.
2 - Plugáil isteach an mhéaróg chuimhne USB a
bhfuil liosta cainéal na teilifíse eile air.
3 - Chun tús a chur leis an uaslódáil liosta cainéal,
roghnaigh (Baile) > Socruithe
> Cainéil > Cóipeáil Liosta Cainéal nó Cóipeáil
Liosta Satailíte > Cóipeáil chuig an teilifís agus
brúigh OK. Cuir isteach do chód PIN más gá.
4 - Cuirfidh an teilfís ar an eolas tú má chóipeáiltear
an liosta cainéal go dtí an teilifís go rathúil. Bain
amach an mhéaróg chuimhne USB.
Teilifíseanna Suiteáilte
Ag brath ar do theilifís a bheith suiteáilte cheana féin
nó gan a bheith suiteáilte, ní mór duit bealach éagsúil
a úsáid chun liosta cainéal a uaslódáil.
Go dtí teilifís atá suiteáilte cheana féin
1 - Fíoraigh socrú tíre na teilifíse. (Chun an socrú seo
a fhíorú, féach an roinn Athshuiteáil cainéal. Tosaigh
an nós imeachta seo go dtí go mbainfidh tú an socrú
tíre amach. Brúigh Ar ais chun an tsuiteáil a
chealú.)
Má tá an tír ceart, lean ar aghaidh le céim 2.
Mura bhfuil an tír ceart, ní mór duit athshuiteáil nua a
dhéanamh. Féach ar an rannán Athshuiteáil cainéal
agus tosaigh an tsuiteáil. Roghnaigh an tír cheart
agus gabh thar an gcuardach cainéil. Críochnaigh an
tsuiteáil. Nuair atá sé sin déanta agat, lean ar aghaidh
le céim 2.
2 - Plugáil isteach an mhéaróg chuimhne USB a
bhfuil liosta cainéal na teilifíse eile air.
3 - Chun tús a chur leis an uaslódáil liosta cainéal,
roghnaigh (Baile) > Socruithe
> Cainéil > Cóipeáil Liosta Cainéalnó Cóipeáil
Liosta Satailíte > Cóipeáil chuig an teilifís agus
brúigh OK. Cuir isteach do chód PIN más gá.
4 - Cuirfidh an teilfís ar an eolas tú má chóipeáiltear
an liosta cainéal go dtí an teilifís go rathúil. Bain
amach an mhéaróg chuimhne USB.
Roghanna Cainéal
Roghanna Oscailte
Agus tú ag féachaint ar chainéal, is féidir leat roinnt
roghanna a shocrú.
Ag brath ar an gcineál cainéil a bhfuil tú ag féachaint
air nó ag brath ar na socruithe teilifíse atá déanta
agat, tá roinnt roghanna ar fáil.
Chun roghchlár na roghanna a oscailt…
1 - Agus tú ag féachaint ar chainéal, brúigh
OPTIONS .
2 - Brúigh OPTIONS arís chun é a dhúnadh..
Faisnéis Cláir
Roghnaigh Eolas cláir chun féachaint ar eolas faoin
gclár a bhfuil tú ag féachaint air.
Chun sonraí an chláir atá roghnaithe a thaispeáint…
1 - Tiúnáil don chainéal.
2 - Brúigh INFO chun eolas cláir a oscailt nó a
dhúnadh.
3 - Mar rogha air sin, is féidir leat OPTIONS a
bhrú, Eolas Cláir a roghnú agus OK a bhrú chun
eolas cláir a oscailt.
4 - Brúigh Ar ais chun an t-eolas cláir a
dhúnadh.
Fotheidil
Chun Fotheidil a chasadh air, brúigh OPTIONS
agus roghnaigh Fotheidil.
Is féidir leat fotheidil a athrú go Fotheidil
air nó Fotheidil as. Mar rogha air sin, is féidir leat
Uathoibríoch a roghnú.
Uathoibríoch
Más faisnéis teanga cuid den chraoladh digiteach
agus mura bhfuil an clár atá á chraoladh i do theanga
(an teanga a socraíodh ar an teilifís), is féidir leis an
teilifís fotheidil a thaispeáint go huathoibríoch i
gceann amháin de na teangacha fotheideal atá
roghnaithe agat. Ní mór do cheann amháin de na
teangacha fotheideal sin a bheith ina cuid den
chraoladh.
Is féidir leat na teangacha fotheideal is fearr leat a
roghnú in Teanga Fotheideal.
Teanga Fotheideal
Mura bhfuil aon cheann de na teangacha fotheideal
is fearr leat ar fáil, is féidir leat teanga fotheideal eile
atá ar fáil a roghnú. Mura bhfuil aon teanga fotheideal
22