operation manual
GA 9
Gaeilge
Seo rudaí eile is féidir a dhéanamh ar
shuíomh Gréasáin Philips:
• Freagraí a fháil ar Cheisteanna Coitianta
(CC)
• Leagan inchlóite PDF den lámhleabhar
seo a íoslódáil
• Ceist ar leith a chur orainn i r-phost
• Labhairt ar líne le Philips Consumer
Care (ar fáil i dtíortha áirithe amháin)
Bain úsáid as treoir nascachta
Philips
Sa treoir shoiléir seo ar nascacht, gheobhaidh
tú treoir faoin tslí le do theilifíseán a cheangal
le gléasanna eile. Téigh chuig
http://www.connectivityguide.philips.com.
Cuardaigh an fóram teilifíse
D'fhéadfadh sé gur fhreagair pobal úsáideoirí
teilifíseán Philips do cheist cheana féin. Téigh
chuig www.supportforum.philips.com.
Déan teagmháil le Philips
Is féidir tacaíocht a fháil ach glaoch ar Philips
Consumer Care i do thír féin. Gheobhaidh tú
an uimhir sa bhileog in éineacht leis an táirge
seo, nó ar líne ag www.philips.com/support.
Sula gcuireann tú glao ar Philips, scríobh síos
uimhir mhúnla agus sraithuimhir do
theilifíseáin. Gheobhaidh tú na huimhreacha
sin ar chúl do theilifíseáin nó ar an
bpacáistíocht ina raibh an teilifíseán.