operation manual
GA 65
Gaeilge
Níl comhaid fuaime agus pictiúir ar do
ghléas stórála USB ag seinm nó ag taispeáint
go réidh:
D'fhéadfadh feidhmíocht aistrithe an ghléis
stórála USB teorainn a chur leis an ráta
aistrithe sonraí chuig an teilifís, rud is cúis le
seinm neamhshásúil.
Fadhbanna líonra
Teastaíonn uait ceangal gan sreang a
dhéanamh idir do theilifíseán agus do líonra
baile:
• I gcás PFL42x8, féach Ceangail do
theilifíseán > Ceangail de líonra agus
den Idirlíon > Wi-Fi comhtháite (Lch
59 chun treoracha a fháil ar an tslí le do
theilifíseán a cheangal gan sreang de do
líonra baile.
I gcás PFL32x8, féach Ceangail do
theilifíseán > Ceangal de líonra agus
den Idirlíon > Wi-Fi Ullamh (Lch 58)
chun treoracha a fháil ar conas do
theilifíseán a cheangal gan sreang de do
líonra baile.
Níl Smart TV ag obair:
Seiceáil go bhfuil an ródaire ceangailte i
gceart den teilifíseán, agus to bhfuil teacht
oscailte ag an ródaire ar an Idirlíon. Má tá
balla tine nó socruithe slándála ag do ródaire,
bí cinnte go ligeann sé do sonraí Smart TV
dul tríd - seiceáil doiciméadú do ródaire chun
na sonraí a fháil.
Tá teacht an-mhall ar an Idirlíon trí Smart
TV:
• Déan iarracht cáilíocht an chomhartha
idir an ródaire agus an teilifíseán a
fheabhsú má tá tú ag teacht ar an
Idirlíon gan sreang. Féach doiciméadú an
ródaire chun sonraí a fháil.
• Bain úsáid as an leathanbhanda is tapúla
áit is féidir.
• Tabhair do theilifíseán chun dáta leis na
bogearraí is déanaí le bheith cinnte go
bhfuil an luas brabhsála chomh hard
agus is féidir.
Tá do líonra mall:
Má tá tú ag teacht ar do PC gan sreang, féach
doiciméadú an ródaire chun feabhas a chur ar
cháilíocht an chomhartha idir an ródaire agus
an teilifíseán.
Tá an líonra gan sreang as riocht nó ar
iarraidh:
• Bí cinnte nach bhfuil oigheanna
micreathonnacha, fóin DECT, ná
gléasanna Wi-Fi mórthimpeall ag cur
isteach ar an líonra gan sreang.
• Mura bhfuil an líonra gan sreang ag obair,
bain triail as ceangal líonra sreangtha.
• Bí cinnte go gceadaíonn na ballaí tine i
do líonra teacht ar an gceangal teilifíse
gan sreang.
Déan teagmháil le Philips
Rabhadh: Ná déan iarracht an teilifíseán a
dheisiú tú féin. D'fhéadfá tú féin a ghortú go
dona agus damáiste nach féidir a dheisiú a
dhéanamh don teilifíseán nó do bharánta a
chur ar neamhní.
Murar féidir leat an fhadhb a réiteach, féach
na ceisteanna coitianta (CC) don teilifíseán
seo ag www.philips.com/support. Is féidir
pobal teilifíse Philips a cheadú chomh maith
agus rannchuidiú leis ag
www.supportforum.philips.com.
Más mian leat labhairt le hionadaí de chuid
Philips nó r-phost a chur chuige, déan
teagmháil le Philips Consumer Care i do thír
féin. Gheobhaidh tú na sonraí teagmhála sa
bhileog bharánta a ghabhann leis an teilifíseán
seo nó ag www.philips.com/support.
Breac síos múnla agus sraithuimhir do
theilifíseán sula ndéanann tú teagmháil le
Philips. Feicfear na huimhreacha sin
priontáilte ar chúl an teilifíseáin agus ar an
bpacáistiú.