operation manual

GA 63
Gaeilge
Teastaíonn uait fós do bhogearraí teilifíse a
uasghrádú:
Téigh chuig www.philips.com/support agus
íoslódáil an pacáiste bogearraí is déanaí le
haghaidh do theilifís. Gheofar ar an suíomh
treoracha maidir le suiteáil na mbogearraí
agus nótaí scaoilte a insíonn duit cé na rudaí a
tugadh chun dáta. Gheofar treoracha iomlána
ar conas bogearraí do theilifíse a uasghrádú
ag Athraigh do shocruithe teilifíse >
Nuashonraigh bogearraí (Lch 43).
Fadhbanna cainéil
Teastaíonn uait cainéil teilifíse a shuiteáil:
Féach Athraigh do shocruithe teilifíse >
Suiteáil uathoibríoch (Lch 37) chun
treoracha a fháil ar conas cainéil analógacha
nó digiteacha a shuiteáil. Más mian leat cainéil
teilifíse satailíte a shuiteáil, féach Athraigh do
shocruithe teilifíse > Socruithe satailíte (Lch
39).
Ní bhfuarthas aon chainéal digiteach le linn
na suiteála:
Féach na sonraíochtaí teicniúla chun a
bheith cinnte go dtacaíonn do theilifís le
DVB-T, DVB-C, nó DVB-S i do thír féin.
Bí cinnte go bhfuil gach cábla ceangailte i
gceart agus gur roghnaíodh an líonra
ceart.
Níl cainéil a suiteáladh roimhe seo le feiceáil
sa liosta cainéal:
Bí cinnte gur roghnaíodh an liosta cainéal
ceart.
Teastaíonn uait an liosta cainéal a athshocrú
nó ord nua a chur air:
Tar éis na gcainéal a shuiteáil, bíonn siad le
feiceáil sa liosta cainéal. Chun eolas a fháil ar
conas liostaí cainéal a bhainistiú, lena
n-áirítear cainéil a athshocrú, féach Féach ar
teilifís > Bainistigh liostaí cainéal (Lch 13).
Fadhbanna pictiúir
Tá an teilifís ann, ach níl aon phictiúr air nó
tá as pictiúr as riocht:
Bí cinnte go bhfuil an aeróg ceangailte
den teilifíseán i gceart.
Bí cinnte gur roghnaíodh an gléas ceart
mar fhoinse taispeána.
Bí cinnte go bhfuil an gléas nó an fhoinse
sheachtrach ceangailte i gceart.
Tá fuaim agam ach níl aon phictiúr:
Bí cinnte go bhfuil na socruithe pictiúir i
gceart.
Níl glacadh maith teilifíse ón gceangal
aeróige:
Bí cinnte go bhfuil an aeróg ceangailte
den teilifíseán i gceart.
Is féidir le callairí, gléasanna fuaime
neamhthalmhaithe, soilse neon,
foirgnimh ard, agus rudaí móra eile
difear a dhéanamh do chaighdeán an
ghlacachta. Más féidir, déan iarracht
caighdeán an ghlacachta a fheabhsú trí
threo na haeróige a athrú nó gléasanna
a bhogadh amach ón teilifíseán.
Má tá an glacadh go maith ach amháin
ar chainéal amháin, mioncheartaigh an
cainéal sin.
Níl caighdeán an pictiúr go maith ó
ghléasanna ceangailte:
Bí cinnte go bhfuil na gléasanna
ceangailte i gceart.
Bí cinnte go bhfuil na socruithe pictiúir i
gceart.
Níor shábháil an teilifís na socruithe pictiúir:
Bí cinnte go bhfuil suíomh an teilifíseán
socraithe ag Baile. Is féidir socruithe a athrú
agus a shábháil sa mhód sin.
Ní oireann an pictiúr don scáileán; tá sé
rómhór nó róbheag:
Athraigh go dtí formáid pictiúir eile.
Athraíonn formáid an phictiúir nuair a
athraítear an cainéal:
In ionad an fhormáid pictiúir [Uathzúmáil],
roghnaigh formáid pictiúir eile.
Tá suíomh an phictiúir mícheart:
D'fhéadfadh sé nach n-oirfeadh comharthaí
pictiúir ó ghléasanna áirithe don scáileán.
Seiceáil aschur comhartha an ghléis.
Pictiúr scrofa is ea an pictiúr ó chraoltaí:
Teastaíonn Modúl Rochtana Teagmhasaigh
chun féachaint ar an inneachar. Seiceáil le
d'oibreoir seirbhíse.