operation manual
GA 58
5. Lean na treoracha ar an scáileán chun an
líonra a shuiteáil.
6. Fan go dtiocfaidh an teilifíseán ar an
gceangal líonra.
7. Má iarrtar é, aontaigh le Chomhaontú
Ceadúnais an Úsáideora Deiridh.
Wi-Fi ullamh
Baineann an chuid seo le PFL32x8 amháin.
Le cuibheoir USB gan sreang PTA128 de
chuid Philips (a dhíoltar mar mhír ar leith), is
féidir do theilifíseán a cheangal gan sreang de
do líonra baile.
Nóta:
Oibríonn an líonra gan sreang sa speictream
minicíochta 2.4GHz céanna le
gnáthghléasanna teaghlaigh, ar nós fóin Dect,
oigheanna micreathonnacha agus gléasanna
Bluetooth, ar féidir leo cur isteach ar Wi-Fi.
Bog na gléasanna sin amach ón teilifíseán.
• Chun trácht a laghdú ar an líonra, múch
aon trealamh líonra nach bhfuil in úsáid
sa líonra baile.
• Braithfidh caighdeáin an ghlactha ar
shuíomh an ródaire gan sreang agus ar
an soláthraí seirbhíse Idirlín áitiúil.
• Chun físeán a sheinm ar do líonra baile
gan sreang, moltar duit ródaire IEEE
802.11 N a úsáid. D'fhéadfadh luas an
cheangail a bheith difriúil ag brath ar
thimpeallacht oibriúcháin do líonra baile
gan sreang.
Tosaigh an chumraíocht gan sreang
1. Cuir do ródaire líonra gan sreang air.
2. Ceangail an cuibheoir USB PTA128 de
chuid Philips de nascóir USB ar an teilifíseán.
Tosóidh an tsuiteáil gan sreang as a stuaim
féin.
3. Lean na treoracha ar an scáileán.
Leid: Bíodh an cuibheoir USB gan sreang
ceangailte den teilifíseán an t-am ar fad.
Cumraíocht Chosanta WPS - Wi-Fi
1. Má thacaíonn do ródaire le Cumraíocht
Wi-Fi faoi Chosaint (WPS), brúigh an cnaipe
WPS ar an ródaire.
2. Tar éis dhá nóiméad, roghnaigh [WPS] ar
an teilifíseán, ansin brúigh OK.
Ceanglaíonn an teilifíseán de do líonra.
Tógann sin timpeall dhá nóiméad.
Tá córas WPS ar fhormhór na ródairí nua
agus lógó WPS le feiceáil orthu. Baineann
córas WPS úsáid as criptiú slándála WPS agus
ní féidir é a úsáid in éineacht le gléasanna ar
do líonra a úsáideann criptiú slándála WEP.
Má tá gléasanna WEP (Príobháid
Chomhionann Sreangtha) ag teastáil fós i do
líonra, suiteáil é le [Scan] > [Saincheap].
Scan le haghaidh ródairí
Má tá níos mó ná ródaire amháin i do líonra,
is féidir an ródaire atá uait a roghnú.
1. Chun ródaire ar leith i líonra a roghnú,
brúigh [Scan] ar an gcéad leathanach den
tsuiteáil.
Is iad na chéad ródairí a thaispeántar ar an
liosta ar an scáileán na ródairí a bhfuil WPS
acu agus an comhartha is láidre.
2. Roghnaigh an ródaire atá uait, ansin brúigh
OK.
• Má tá tú ag ceangal de ródaire WPS,
roghnaigh [WPS] ar an teilifís.
• Más mian leat an cód UAP i mbogearraí
do ródaire a shocrú chun ceangal a
dhéanamh, roghnaigh [UAP WPS] agus
breac síos an cód.
• Chun an eochair criptithe a chur isteach
de láimh, roghnaigh [Caighdeánach],
ansin cuir isteach an eochair nuair a
iarrtar é.
Socraigh ceangal daingnithe le UAP WPS
1. Chun ceangal daingnithe a shocrú,
roghnaigh an [UAP WPS] agus brúigh OK.
2. Breac síos an cód UAP 8 ndigit a
thaispeántar ar an teilifís, ansin cuir isteach é i
mbogearraí an ródaire ar do PC.
Le fáil amach cá háit leis an gcód UAP a chur,
léigh lámhleabhar an ródaire.