operation manual

GA 57
Gaeilge
Ceangail de líonra agus den
Idirlíon
An méid is féidir leat a dhéanamh
Féach ar Mheáin
Má cheanglaíonn tú an teilifíseán de líonra
baile, is féidir grianghraif, ceol agus físeáin ó
do ríomhaire a sheinm air. Féach Úsáid do
theilifíseán > Seinn comhaid ilmheáin (Lch
17).
Smart TV
Má cheanglaíonn tú an teilifíseán de líonra
baile a bhfuil ceangal Idirlín aige, is féidir
Smart TV a bhrabhsáil. Tairgeann Smart TV
seirbhísí Idirlín agus suíomhanna Gréasáin a
bheidh saincheaptha do do theilifíseán. Seinn
ceol agus físeáin, léigh eolas mar gheall ar
shiamsaíocht, faigh scannáin ar cíos agus i
bhfad eile. Féach Úsáid do theilifís > Smart
TV (Lch 20).
An méid a bheidh uait
Rabhadh: Ní ghéilleann an teilifíseán seo de
threoir EMC ach amháin nuair a bhíonn
cábla cumhdaithe Cat5 Ethernet in úsáid
agat.
Líonra ríomhaire ar a n-áirítear:
a) ródaire uilíoch plugála agus seanma
(UPnP) agus
b) Ríomhaire ar a bhfuil ceann amháin
de na córais oibriúcháin seo a leanas:
Microsoft Windows XP, Microsoft
Windows Vista, Mac OS X, nó Linux.
Chun do theilifíseán a cheangal de
ríomhaire, beidh ort freastalaí meán a
shuiteáil agus a chumrú ar do ríomhaire.
Féach Úsáid do theilifíseán > Seinn
comhaid ilmheáin (Lch 17).
Chun do theilifíseán a cheangal den
Idirlíon, beidh ceangal ardluais leis an
Idirlíon uait, leis.
Ceangail
Is féidir an teilifíseán seo a cheangal de do
líonra baile trí cheangal sreangtha nó trí
cheangal gan sreang.
I gcás ceangal sreangtha, féach Ceangail
do theilifíseán > Ceangail de líonra
agus den Idirlíon > Ceangal sreangtha
(Lch 57).
I gcás PFL42x8, féach Ceangail do
theilifíseán > Ceangail de líonra agus
den Idirlíon > Wi-Fi comhtháite (Lch
59).
I gcás PFL32x8, féach Ceangail do
theilifíseán > Ceangail de líonra agus
den Idirlíon > Wi-Fi ullamh (Lch 58).
Ceangal sreangtha
1. Cuir an ródaire air agus cuir a shocrú
DHCP air.
2. Ceangail an ródaire den teilifíseán le cábla
Ethernet.
3. Brúigh , ansin roghnaigh [Cumraíocht]
4. Roghnaigh [Ceangail den líonra], ansin
brúigh OK.