operation manual

GA 54
Féach ar ghléasanna
ceangailte
Roghnaigh gléas
Ní mór an gléas a cheangal den teilifís sular
féidir féachaint air. Féach Ceangail do
theilifíseán > Ceangail gléasanna (Lch 46).
Roghnaigh gléas le SOURCE
1. Brúigh SOURCE.
2. Roghnaigh gléas, ansin brúigh OK.
Roghnaigh gléas ón roghchlár Baile
1. Brúigh .
2. Roghnaigh [Foinse], ansin brúigh OK.
3. Roghnaigh gléas, ansin brúigh OK.
Nuashonraigh an liosta foinsí
Má chuireann tú gléas leis, nó má bhaineann
tú ceann, nuashonraigh an liosta foinsí.
1. Brúigh SOURCE.
2. Brúigh OPTIONS.
3. Roghnaigh [Scan ceangail], ansin brúigh
OK.
4. Lean na treoracha ar an scáileán.
Athraigh socruithe
Athraigh cineál an ghléis
Is féidir cineál an ghléis a athrú chun bheith in
ann teacht air go furasta ón roghchlár Foinse.
1. Brúigh SOURCE.
2. Roghnaigh an gléas, ansin brúigh [Cineál an
ghléis].
3. Roghnaigh cineál oiriúnach gléis, ansin
brúigh OK.
Athainmnigh gléas
Is féidir gléas a athainmniú tar éis é a cheangal
den teilifíseán.
1. Brúigh SOURCE.
2. Roghnaigh an nascóir, ansin brúigh
[Athainmnigh].
3. Úsáid an méarchlár scáileáin chun ainm nua
a chur isteach.
4. Ina dhiaidh sin, roghnaigh [Déanta], ansin
brúigh OK.
Athshocraigh socruithe an ghléis
Is féidir cineál agus ainm an ghléis a athshocrú
de réir an réamhshocraithe.
1. Sa roghchlár [Foinse], roghnaigh an gléas
agus brúigh OPTIONS.
2. Roghnaigh [Ainm agus deilbhín bunaidh],
ansin brúigh OK.
Cumraigh gléasanna
EasyLink
An méid is féidir leat a dhéanamh
Le gnéithe rialaithe feabhsaithe EasyLink ó
Philips bainfidh tú gach buntáiste as do
ghléasanna HDMI-CEC-chomhlíontacha.
Ceangail do ghléasanna
HDMI-CEC-chomhlíontacha trí HDMI de do
theilifíseán agus rialaigh iad ag an am céanna
le do chianrialtán teilifíse.
Nóta: Déanann brandaí eile cur síos difriúil ar
fheidhmiúlacht HDMI-CEC. Samplaí is ea
Anynet (Samsung), Aquos Link (Sharp) agus
BRAVIA Sync (Sony). Níl gach branda
comhoiriúnach go hiomlán le EasyLink Philips.
Tar éis athrú go EasyLink Philips, beidh na
gnéithe seo a leanas ar fáil:
Seinm aon iarrachta
Nuair a sheinneann tú gléas
HDMI-CEC-chomhlíontach, tagann an teilifís
air ó bheith ar fuireachas agus athraíonn sé go
dtí an fhoinse cheart.
Fuireachas aon iarrachta
Nuair a bhrúnn ar chianrialtán na
teilifíse, athraíonn an teilifís agus gach gléas
HDMI-CEC-chomhlíontach go mód
fuireachais.
Múch gléasanna díomhaoine go
huathoibríoch
Má bhí gléas HDMI-CEC-chomhlíontach
díomhaoin ar feadh píosa fada, athraíonn sé
go mód fuireachais.
Cianrialú EasyLink
Is féidir gléasanna iolracha
HDMI-CEC-chomhlíontacha a rialú le do
chianrialtán teilifíse.