operation manual

GA 5
Gaeilge
Glasáil an teilifíseán
Tá slota slándála Kensington suite i mbun an
teilifíseáin. Chun an teilifíseán a dhaingniú,
ceannaigh glas frithghadaíochta Kensington
(a dhíoltar mar mhír ar leith).
Dlíthiúil
Fógra
2013 © TP Vision Netherlands B.V. Gach
ceart ar cosaint. D'fhéadfadh sonraíochtaí
athrú gan fógra a bheith tugtha. Maoin de
chuid Koninklijke Philips Electronics N.V. nó a
n-úinéirí faoi seach is ea trádmharcanna.
Coimeádann TP Vision Netherlands B.V. aige
féin an ceart táirgí a athrú uair ar bith gan
bheith faoi oibleagáid soláthairtí níos luaithe a
choigeartú dá réir.
Creidtear gur leor an t-ábhar sa lámhleabhar
seo chun an córas a úsáid mar atá ceaptha.
Má bhaintear úsáid as an táirge, nó as a
mhodúil nó a ghnásanna aonair, chun críocha
seachas na gcríoch atá sonraithe anseo, ní
mór deimhniú a fháil go bhfuil na húsáidí sin
bailí agus oiriúnach. Barántaíonn Netherlands
B.V. nach sáraíonn an t-ábhar féin aon
phaitinn de chuid na Stát Aontaithe.
thugtar aon bharánta eile le tuiscint ná ní
chuirtear aon cheann in iúl.
Ní féidir le TP Vision Netherlands B.V. bheith
freagrach as aon earráid sa doiciméad seo ná
as aon fhadhb de thoradh a bhfuil sa
doiciméad seo. Déanfar earráidí a
thuairiscítear do Philips a oiriúnú agus a
fhoilsiú ar shuíomh Gréasáin tacaíochta
Philips a luaithe is féidir.
Téarmaí an bharánta
Riosca gortaithe, damáiste don teilifíseán
nó cealú baránta! Ná déan iarracht
riamh an teilifíseán a dheisiú tú féin.
Bain úsáid as an teilifíseán agus as na
hoiriúintí ar an tslí a cheap an déantóir
agus ar an tslí sin amháin.
Cuireann an rabhadh atá priontáilte ar
chúl an teilifíseáin in iúl go bhfuil riosca
turrainge leictrí ann. Ná bain an clúdach
den teilifíseán riamh. Iarr ar Philips
Customer Care gach seirbhísiú agus
deisiú a dhéanamh.
Cuirfear an baránta ar neamhní má
dhéantar rud ar bith atá coiscthe go
sainráite sa lámhleabhar seo, nó má
déantar athrú nó cóimeáil ar bith nach
bhfuil molta nó údaraithe sa
lámhleabhar seo.
Saintréithe picteilín
Tá líon ard picteilín datha sa táirge LCD/LED
seo. Cé go bhfuil picteilíní éifeachtacha de
99.999% aige, d'fhéadfadh spotaí dubha nó
pointí geala solais (dearg, glas nó gorm)
bheith le feiceáil i gcónaí ar an scáileán.
Saintréith struchtúrach den taispeáint is ea é
sin (laistigh de chomhchaighdeáin an tionscail)
agus ní mífheidhm é.
Comhlíonadh AE
Comhlíonann an táirge seo riachtanais agus
forálacha ábhartha eile na dTreoracha
2006/95/EC (Voltas Íseal), 2004/108/EC
(EMC) agus 2011/65/EU (ROHS).
Comhlíonadh EMF
Déanann TP Vision Netherlands B.V.
mórchuid táirgí dírithe ar thomhaltóirí a
mhonarú agus a dhíol, agus dála aon
trealaimh leictreonaigh eile, féadfaidh siad, i
gcoitinne, comharthaí leictreamaighnéadacha
a chur amach agus a ghlacadh.