operation manual

GA 44
1. Bain gach gléas USB ar nós cuibheoir Wi-Fi
den teilifís, ansin cuir an teilifís ann.
2. Ceangail an mhearóg USB den teilifíseán.
Tosóidh an uasghrádú bogearraí as a stuaim
féin. Beidh deireadh leis an uasghrádú nuair a
fheicfidh tú teachtaireacht ar scáileán.
3. Sula n-atosaíonn tú an teilifís, dícheangal an
mhearóg USB den teilifíseán.
4. Brúigh ar an gcianrialtán ná brúigh
ach uair amháin.
Cuirtear an teilifís as agus ann arís. Tá
deireadh leis an uasghrádú.
5. Chun nuashonruithe tionóisceacha ar
bhogearraí na teilifíse a sheachaint,
athcheangail an mhearóg USB den ríomhaire
agus scrios autorun.upg.
Nuashonrú ó chraoladh digiteach
Is féidir leis an teilifís nuashonruithe ar
bhogearraí a ghlacadh trí chraoltaí digiteacha,
nuair a bhíonn siad ar fáil. Nuair a fhaightear
nuashonrú ar bhogearraí, iarrtar ort na
bogearraí a nuashonrú. Moltar go láidir duit
na bogearraí a nuashonrú nuair a iarrtar ort
sin a dhéanamh.
Lean na treoracha ar an scáileán.
Mura dtugann tú na bogearraí teilifíse chun
dáta nuair a fhaightear an nuashonrú, iarrtar
ort an comhad nuashonraithe a shábháil.
Chun na bogearraí a nuashonrú níos déanaí:
1. Brúigh .
2. Roghnaigh [Cumraíocht] > [Socruithe
bogearraí] > [Nuashonruithe áitiúla].
3. Roghnaigh an comhad a d'íoslódáil tú agus
lean na treoracha ar an scáileán chun an
nuashonrú a chríochnú.
Nuashonraigh ón Idirlíon
Is féidir bogearraí na teilifíse a nuashonrú
díreach ón Idirlíon, leis, tríd an teilifís a
cheangal den Idirlíon. Féach Ceangail do
theilifíseán > Ceangail de líonra agus den
Idirlíon (Lch 57).
1. Brúigh .
2. Roghnaigh [Cumraíocht] >
[Nuashonraigh bogearraí] > [Teilifís leis an
Idirlíon], ansin brúigh OK.
3. Lean na treoracha ar an scáileán chun an
nuashonrú a thosú.
Nuair a bheidh an nuashonrú críochnaithe,
téann an teilifís ar fuireachas agus tagann sé
ann arís as a stuaim féin. Fan ar an teilifís
teacht ann arís. Ná cuir an teilifís ann tú féin.
Nóta:
Má tá an teilifís ceangailte den Idirlíon,
taispeánann an teilifís ag an tosú na
bogearraí nua atá ar fáil.
Ó am go chéile, d'fhéadfadh Philips
uasghrádú ar bhogearraí a bhrú ort ar an
Idirlíon. Lean na treoracha ar an scáileán
chun na bogearraí teilifíse a thabhairt
chun dáta.
Athshocraigh gach soc
Is féidir gach socrú pictiúir agus fuaime a
athshocrú agus gach cainéal a athshuiteáil ar
do theilifís.
1. Brúigh .
2. Roghnaigh [Cumraíocht] > [Socruithe
teilifíse] > [Socruithe ginearálta] >
[Athshuiteáil an teilifís], ansin brúigh OK.
3. Lean na treoracha ar an scáileán.