operation manual
GA 35
Gaeilge
4 Athraigh do
shocruithe
teilifíse
Pictiúr agus fuaim
Cúntóir socruithe
Is féidir socruithe pictiúir agus fuaime a
roghnú le cabhair an chúntóra socruithe, a
léiríonn láithreach éifeacht an tsocraithe atá
roghnaithe agat.
1. Agus tú ag féachaint ar teilifís, brúigh .
2. Roghnaigh [Cumraíocht] >
[Mearshocruithe pictiúir agus fuaime], ansin
brúigh OK.
3. Roghnaigh [Lean ar aghaidh], ansin brúigh
OK.
4. Lean na treoracha ar an scáileán chun do
shocruithe a roghnú.
Socruithe pictiúir eile
Is féidir na socruithe sa roghchlár Pictiúr a
athrú.
1. Brúigh .
2. Roghnaigh [Cumraíocht] > [Socruithe
teilifíse] > [Pictiúr], ansin brúigh OKv.
3. Roghnaigh socrú le hathrú, ansin brúigh
OK.
• [Stíl pictiúir]: Roghnaigh socrú
réamhshainithe pictiúir.
• [Athchuir stíl]: Athchuireann sé na
socruithe pictiúir a roghnaíodh roimhe
sin.
• [Codarsnacht cúlsolais]: Ceartaigh gile
an chúlsolais taispeána.
• [Dath]: Ceartaigh sáithiú datha an
phictiúir.
• [Géire]: Ceartaigh géire an phictiúir.
• [Laghdú torainn]: Roghnaigh méid an
laghdaithe torainn don phictiúr.
• [laghdú déantáin MPEG]: Déan na
hathruithe agus na smúiteáin sa phictiúr
digiteach níos réidhe.
• - [Digital Crystal Clear]:
Barrfheabhsaigh gach picteilín chun go
mbeidh sé ar aon dul leis na picteilíní
mórthimpeall air chun íomhá ghléigeal
ardghléine a sholáthar.
- [Ardghéire]: Cumasaigh géire
ardchaighdeáin, go háirithe ar línte agus
ar imlínte sa phictiúr
- [Codarsnacht dhinimiciúil]:
Feabhsaigh go dinimiciúil sonraí na n-áiteanna
dorcha, meánach agus geala sa phictiúr.
- [Cúlsolas dinimiciúil]: Roghnaigh
leibhéal cúlsolais chun ídiú cumhachta
dinimiciúil agus codarsnacht pictiúir a
bharrfheabhsú.
- [Feabhsúchán datha]: Déan
beogacht agus sonraí na ndathanna a
fheabhsú go dinimiciúil.
• [Ardfhorbartha]: Téigh chuig
ardsocruithe ar nós socruithe gáma,
imire agus codarsnacht físeáin.
- [Gáma]: Ceartaigh an socrú
neamhlíneach le haghaidh lonras agus
codarsnacht pictiúr.
- [Imir]: Athraigh cothromaíocht
na ndathanna.
- [Saincheap imir]: Déan socrú na
cothromaíochta datha a shaincheapadh. Níl
sé ar fáil ach amháin má roghnaítear [Imir] >
[Saincheap].
- [Codarsnacht físeáin]:
Ceartaigh codarsnacht an fhíseáin.
- [Gile]: Ceartaigh gile an scáileáin.
- [Lí]: Cúitigh éagsúlachtaí datha idir tharchuir
NTSC.
• [Cluiche nó ríomhaire]: Agus tú ag
féachaint ar inneachar ó chonsól cluichí
ceangailte, roghnaigh [Cluiche] chun
socruithe cluiche a fheidhmiú. Nuair a
bhíonn ríomhaire ceangailte trí HDMI,
roghnaigh [Ríomhaire]. Bí cinnte go
roghnaítear [Formáid agus
ciumhaiseanna] > [Formáid phictiúir] >
[Neamhscálaithe] chun an méid sonraí
is féidir a fheiceáil.