operation manual
GA 26
Rabhadh:
• Ní bheidh TP Vision freagrach mura
dtacaítear leis an tiomántán crua USB,
nó má chailltear sonraí sa ghléas, nó má
dhéantar damáiste dó.
• Baineann formáidiú gach sonra den
tiomántán crua USB ceangailte.
• Déanfar an tiomántán crua USB a
fhormáidiú go heisiatach don teilifíseán
seo. Bíodh sé ceangailte den teilifíseán
an t-am ar fad. Ní féidir teacht ar
inneachar an tiomántáin chrua USB ó
theilifíseán eile ná ó PC.
• Ná déan an port USB a ró-ualú. Má
cheanglaíonn tú tiomántán crua USB a
ídíonn breis is 500mA cumhachta, bí
cinnte go mbíonn sé ceangailte dá
sholáthar cumhachta seachtrach féin.
Nóta:
• Bí cinnte go bhfuil an teilifíseán agus an
tiomántán crua USB curtha as.
• Agus an tiomántán crua USB á
fhormáidiú agat, ná ceangail aon ghléas
USB den teilifíseán.
1. Ceangail an tiomántán crua USB go
díreach den teilifíseán, nó má tá i gceist agat
gléasanna USB eile a cheangal sa todhchaí,
ceangail an tiomántán crua USB trí mhol USB.
2. Cuir an teilifíseán agus an tiomántán crua
USB air, má tá foinse sheachtrach cumhachta
aige.
3. Athraigh go cainéal teilifíse digiteach.
4. Brúigh chun formáidiú an tiomántáin
crua USB a thosú.
5. Lean na treoracha ar scáileán chun an
formáidiú a chríochnú.
Rabhadh: D'fhéadfadh an formáidiú tamall a
thógáil. Ná cuir an teilifíseán as agus ná
dícheangal an tiomántán crua USB go dtí go
mbeidh an formáidiú críochnaithe.
Tosaigh ag taifeadadh
Taifeadadh aon iarrachta
Is féidir leat an clár a bhfuil tú ag féachaint air
faoi láthair a thaifeadadh le cnaipe amháin.
1. Agus tú ag féachaint ar teilifís, brúigh .
Tosaíonn an taifeadadh láithreach.
Taispeántar fuinneog aníos ina dtugtar
críoch-am an chláir.
2. Roghnach: Bain úsáid as na Cnaipí
nascleanúna chun críoch-am an taifeadta a
mharcáil.
3. Roghnaigh [Deimhnigh], ansin brúigh OK.
4. Chun an taifeadadh a stopadh, brúigh .
Nóta:
• Agus tú ag taifeadadh, níor cheart cláir
cainéil teilifíse a athrú ná craoladh
teilifíse a chur ar sos.
• Mura bhfuil eolas treorach teilifíse ar fáil,
réamhshocraítear 30 nóiméad don
taifeadadh. Is féidir é sin a athrú más gá.
Sceidealaigh taifeadtaí
Féach eolas faoi chláir
Ag brath ar stádas an chláir, is féidir tosú ag
féachaint air nó taifeadadh an chláir a
sceidealadh.