operation manual
GA 24
3 Do theilifíseán:
gnéithe eile a
d'fhéadfá a úsáid
Pause TV
An méid is féidir leat a dhéanamh
Agus tú ag féachaint ar chainéal digiteach, is
féidir clár a chur ar sos chun glao gutháin a
fhreagairt nó sos a thógáil. Déantar an
craoladh a stóráil ar thiomántán USB atá
ceangailte den teilifíseán. Is féidir an clár a
atosú ón áit sin uair ar bith.
Nóta:
• Is féidir clár a chur ar sos go ceann 90
nóiméad ar a mhéad.
An méid a bheidh uait
• Tiúnáil do theilifíseán chun cainéil
dhigiteacha a fháil. Féach Athraigh do
shocruithe teilifíse > Cainéil > Suiteáil
uathoibríoch (Lch 37).
• Ceangail tiomántán diosca crua
comhoiriúnach USB 2.0, 4 GB ar a
laghad, a bhfuil 30 meigighiotán ar a
laghad de luas aistrithe sa soicind aige.
Don fheidhmíocht is fearr, úsáid
tiomántán crua a bhfuil 32 GB de spás
diosca aige.
Suiteáil tiomántán crua USB
Chun teilifís a chur ar sos, ní mór tiomántán
crua USB a cheangal den teilifíseán agus é a
fhormáidiú.
Mura n-aithníonn an teilifíseán an tiomántán
crua USB, formáidigh é go córas NTFS nó
FAT32 ar PC, agus bain triail eile as.
Rabhadh:
• Ní bheidh TP Vision freagrach mura
dtacaítear leis an tiomántán crua USB,
nó má chailltear sonraí sa ghléas, nó má
dhéantar damáiste dó.
• Baineann formáidiú gach sonra den
tiomántán crua USB ceangailte.
• Déanfar an tiomántán crua USB a
fhormáidiú go heisiatach don teilifíseán
seo. Bíodh sé ceangailte den teilifíseán
an t-am ar fad. Ní féidir teacht ar
inneachar an tiomántáin chrua USB ó
theilifíseán eile ná ó PC.
• Ná déan an port USB a ró-ualú. Má
cheanglaíonn tú tiomántán crua USB a
ídíonn breis is 500mA cumhachta, bí
cinnte go mbíonn sé ceangailte dá
sholáthar cumhachta seachtrach féin.
Nóta:
• Bí cinnte go bhfuil an teilifíseán agus an
tiomántán crua USB curtha as.
• Agus an tiomántán crua USB á
fhormáidiú agat, ná ceangail aon ghléas
USB den teilifíseán.
1. Ceangail an tiomántán crua USB go
díreach den teilifíseán, nó má tá i gceist agat
gléasanna USB eile a cheangal sa todhchaí,
ceangail an tiomántán crua USB trí mhol USB.
Bí cinnte go bhfuil an mol USB ceangailte den
phort USB 1 ar an teilifíseán.
2. Cuir an teilifíseán agus an tiomántán crua
USB air, má tá foinse sheachtrach cumhachta
aige.
3. Athraigh go cainéal teilifíse digiteach.
4. Brúigh chun formáidiú an tiomántáin
crua USB a thosú.
5. Lean na treoracha ar scáileán chun an
formáidiú a chríochnú.