operation manual

GA 22
Faigh físeáin ar líne ar cíos
An méid a bheidh uait
Bí cinnte go bhfuil do theilifíseán
ceangailte den Idirlíon trí cheangal
ardluais leathanbhanda. Féach Ceangail
do theilifíseán > Ceangail de líonra
agus den Idirlíon (Lch 57).
Ceangail mearóg USB, 4 GB ar a laghad,
den teilifíseán. Teastóidh mearóg
chuimhne, 8 GB ar a laghad, chun físeáin
ardghléine a sheinm.
Nóta: Is féidir gléas aonair stórála a úsáid, leis,
chun físeáin a thaifeadadh, a chur ar sos agus
a fháil ar cíos. Ceangail tiomántán diosca crua
comhoiriúnach USB 2.0 (HDD), 250 GB ar a
laghad, a bhfuil 30 meigighiotán ar a laghad de
luas aistrithe sa soicind aige. Formáidigh an
HDD sula n-úsáideann tú é (féach Bain úsáid
níos mó as do theilifíseán > Cuir an
teilifíseán ar sos > Suiteáil tiomántán crua
USB (Lch 24)).
Formáidigh an mhearóg USB
Sula n-íoslódáileann tú físeáin ar cíos, ní mór
do USB a fhormáidiú. Glantar gach inneachar
ar an tiomántán USB.
1. Cuir an teilifís air.
2. Ceangail an mhearóg USB den slota USB
ar an teilifíseán.
3. Brúigh chun formáidiú an tiomántáin a
thosú.
4. Tar éis an fhormáidithe, fág an tiomántán
USB ceangailte den teilifíseán.
Tar ar shiopa físeán
1. Brúigh SMART TV.
2. Tar ar [Gailearaí Feidhmchlár] chun
feidhmchláir siopa físeán atá ar fáil i do thír a
chuardach.
3. Roghnaigh siopa, ansin brúigh OK mar
dheimhniú.
Cuirtear íocón an tsiopa fhíseán leis an
leathanach baile.
4. Chun teacht ar shiopa, roghnaigh íocón an
tsiopa agus brúigh OK.
Faigh físeán ar cíos
Lean na treoracha ar an scáileán, íoslódáil,
agus féach ar an bhfíseán.
1. Oscail feidhmchlár siopa físeán.
D'fhéadfadh sé go gcaithfeá clárú nó do
sonraí logála isteach a chur isteach.
2. Roghnaigh físeán.
3. Déan an íocaíocht ar líne.
4. Íoslódáil an físeán.
5. Tosaigh ag féachaint ar an bhfíseán.
Teilifís idirghníomhach
An méid is féidir leat a dhéanamh
Le teilifís idirghníomhach, is féidir leat
féachaint ar eolas breise agus ar leathanaigh
shiamsaíochta a sholáthraíonn craoltóirí
teilifíse digití. Bain taitneamh as
idirghníomhaíocht i bhfírinne trí fhreagairt go
díreach don inneachar digiteach.
Nóta: Ní féidir an ghné seo a úsáid chun
comhaid a íoslódáil ar do theilifís.
Baineann craoltóirí úsáid as córais éagsúla
teilifíse idirghníomhaí, ar nós:
HbbTV (Hybrid Broadcast Broadband
TV/Teilifís Hibrideach Leathanbhanda
Craolta)
iTV (Teilifís Idirghníomhach - MHEG)
MHP (Multimedia Home
Platform/Ardán Ilmheán Baile)
DTVi (Digital TV interactive/Teilifís
Dhigiteach Idirghníomhach)
Téigh chuig suíomh Gréasáin an chraoltóra
chun fáil amach cén córas idirghníomhach atá
ar fáil i do thír féin.
Seo cuid de na gníomhaíochtaí
idirghníomhacha a bheidh ar fáil duit le sult a
bhaint astu:
Féachaint ar eolas mar gheall ar chláir
theilifíse
Dul isteach i quiz nó i gcomórtas
Cluichí a imirt
Siopadóireacht a dhéanamh ar líne
Íoc as clár VOD (físeán ar éileamh)
Vótáil
Comhrá a dhéanamh