operation manual
GA 20
Cláraigh an teilifíseán
Mura bhfuil an teilifíseán gníomhachtaithe
nuair a thosaíonn tú ag athsheinm físeán
DivX ar cíos, taispeánfaidh an teilifís an cód
clárúcháin DivX a theastaíonn chun an
teilifíseán seo a ghníomhachtú.
Lean na céimeanna seo a leanas chun clárú.
1. Nuair a thaispeánann an teilifís an cód
clárúcháin 8 ndigit nó 10 ndigit, scríobh síos
an cód agus téigh chuig http://vod.divx.com.
2. Íoslódáil bogearraí an tseinnteora DivX ar
do ríomhaire agus déan na bogearraí a
shuiteáil.
3. Tosaigh bogearraí an tseinnteora DivX
agus cruthaigh Cuntas DivX: Cliceáil VOD >
Cruthaigh Cuntas DivX.
4. Ar an tseinnteoir DivX cláraigh an
teilifíseán le cód clárúcháin an teilifíseáin.
Cliceáil VOD > Cláraigh Gléas Deimhnithe
DivX.
5. Nuair a fhaigheann tú an nod, íoslódáil agus
sábháil an físeán clárúcháin ar mhearóg USB
nó ar do fhreastalaí meán ceangailte.
6. Téigh chuig an teilifíseán agus seinn an
físeán clárúcháin air. Sin deireadh leis an
gclárú agus tá DivX gníomhachtaithe ar do
theilifíseán.
Gheofar tacaíocht mhionsonraithe ar
shuíomh Gréasáin DivX.
Chun an teilifíseán seo a dhíchlárú:
1. Brúigh SOURCE.
2. Roghnaigh [Brabhsáil USB], ansin brúigh
OK.
3. Brúigh OPTIONS, roghnaigh [DivX(R)
VOD], agus ansin brúigh OK.
4. Lean na treoracha ar an scáileán.
Smart TV
An méid is féidir leat a dhéanamh
NonPublis h
Le Feidhmchláir Idirlín, ar suíomhanna
Gréasáin iad atá curtha in oiriúint do do
theilifíseán, beidh na gnéithe seo a leanas agat
agus tuilleadh nach iad le sult a bhaint astu:
• Ceannlínte nuachtáin a léamh
• Féachaint ar fhíseáin agus iad a fháil ar
cíos
• Réamhaisnéis na haimsire a sheiceáil
• Cláir theilifíse a chaill tú a fheiceáil
Faigh amach tuilleadh mar gheall ar sheirbhísí
Smart TV ó shuíomh Gréasáin fhóram Smart
TV, www.supportforum.philips.com.
Nóta:
• Ní hionann seirbhísí agus feidhmchláir
Smart TV i ngach aon tír.
• Braitheann feidhmchláir maidir le cláir
theilifíse chaille agus na cláir féin ar
shocrú tíre do theilifíseáin. Le fáil amach
cad iad na cláir theilifíse atá ar fáil, téigh
chuig an treoir clár laistigh den
fheidhmchlár.
• Taispeánann Smart TV leathanach
amháin ag an am, in amharc scáileán
iomlán.
• D'fhéadfadh sé nach mbeadh
suíomhanna áirithe Gréasáin le feiceáil
ina n-iomláine. D'fhéadfadh nach
mbeadh feidhmeanna a dteastaíonn
breiseán uathu ar fáil.
• Níl aon fhreagracht ar TP Vision
Netherlands B.V. maidir le hinneachar
ná cáilíocht an inneachair a
sholáthraíonn soláthraithe seirbhíse
inneachair.
An méid a bheidh uait
1. Ar do líonra baile, ceangail an teilifíseán
den Idirlíon.
2. Cumraigh Smart TV ar do theilifíseán.
3. Roghnach: Cláraigh le Philips ar do PC,
chun go mbeidh buntáistí speisialta agat agus
chun an scéala is déanaí a fháil mar gheall ar
tháirgí. Is féidir clárú uair ar bith.