operation manual
GA 18
Seinn comhaid
1. Brúigh SOURCE.
2. Roghnaigh [Brabhsáil líonra], ansin brúigh
OK.
3. Roghnaigh comhad ón mbrabhsálaí
inneachair, ansin brúigh OK chun an tseinm a
thosú.
4. Brúigh na Cnaipí seanma chun an tseinm a
rialú.
5. Roghnach: Chun freastalaí meán eile a
roghnú, roghnaigh [Freastalaí meán]
Leideanna:
• Roghnaigh an barra uachtarach chun do
chomhaid a scagadh de réir cineáil.
• Roghnaigh [Sórtáil] chun na comhaid a
shocrú de réir ainm an albaim, de réir
ealaíontóra nó de réir réimsí eile.
• Chun liosta na bhfreastalaithe meán as
líne a ghlanadh, brúigh OPTIONS,
ansin roghnaigh [Glan freastalaithe as
líne] agus brúigh OK.
Seinn comhaid ó ghléas USB
Má tá grianghraif, físeáin nó comhaid cheoil
agat ar ghléas stórála USB, is féidir na
comhaid a sheinm ar teilifís.
Rabhadh:
• Ní bheidh TP Vision freagrach mura
dtacaítear leis an ngléas stórála USB, nó
má chailltear sonraí sa ghléas, nó má
dhéantar damáiste dó.
• Ná déan an port USB a ró-ualú. Má
cheanglaíonn tú gléas stórála USB a
ídíonn breis is 500mA cumhachta, bí
cinnte go mbíonn sé ceangailte dá
sholáthar cumhachta seachtrach féin.
Brabhsáil gléas USB
1. Ceangail an gléas USB den nascóir USB ar
an teilifíseán.
2. Brúigh SOURCE, roghnaigh [USB],
agus ansin brúigh OK.
3. Roghnaigh comhad ón mbrabhsálaí
inneachair, ansin brúigh OK chun an tseinm a
thosú.
4. Brúigh na Cnaipí seanma chun an tseinm
a rialú.
5. Roghnach: Chun gléas USB eile a roghnú,
roghnaithe [gléas USB] ag bun scáileán na
teilifíse.
Leideanna:
• Roghnaigh an barra uachtarach chun do
chomhaid a scagadh de réir cineáil.
• Roghnaigh [Sórtáil] chun na comhaid a
shocrú de réir ainm, de réir dáta, nó de
réir réimse eile.
Roghanna seanma
Féach ar fhíseán
1. Roghnaigh sa bharra uachtarach.
2. Roghnaigh físeán, ansin brúigh OK.
3. Roghnach: Chun gach físeán i bhfillteán a
sheinm, roghnaigh físeán, ansin roghnaigh
[Seinn gach ceann].
• Chun dul go dtí an chéad fhíseán eile nó
an físeán deireanach, brúigh CH+ nó
CH-.
• Brúigh OK chun an físeán a chur ar sos.
Brúigh OK arís chun an tseinm a atosú.
• Chun dul ar aghaidh nó siar 10 soicind,
brúigh nó .
• Chun cuardach ar aghaidh nó siar,
brúigh nó . Brúigh an cnaipe
arís agus arís eile chun scoránú idir
luasanna difriúla.
• Chun físeán a stopadh, brúigh .
Roghanna físeáin
Agus físeán á sheinm agat, brúigh
OPTIONS, ansin brúigh OK chun rogha a
roghnú:
• [Fotheidil]: Roghnaigh na socruithe
fotheidil ata ar fáil.
• [Teanga fotheideal]: Roghnaigh teanga
na bhfotheideal má tá sin ar fáil.
• [Sraith carachtar]: Roghnaigh an tsraith
carachtar a oireann do na fotheidil.
• [Teanga fuaime]: Roghnaigh teanga
fuaime.
• [Athsheinn]: Roghnaigh [Athsheinn]
chun comhad físeáin a sheinm arís agus
arís eile nó [Seinn uair amháin] chun an
comhad físeáin a sheinm uair amháin.
• [Freastalaí meán]: Agus inneachar ó
fhreastalaí meán á sheinm agat, is féidir
freastalaí meán eile a roghnú.
• [Suaitheadh ann] / [Suaitheadh as]:
Cumasaigh nó díchumasaigh comhaid
físeáin a sheinm go randamach.