operation manual
GA 17
Gaeilge
Tar ar treoir clár ón Idirlíon
1. Brúigh .
2. Roghnaigh [Treoir theilifíse], ansin brúigh
OK.
Nóta: Má tá tú ag féachaint ar threoir clár
den chéad uair, lean na treoracha ar an
scáileán chun an treoir a thabhairt cothrom le
dáta.
Saincheap an treoir clár ón Idirlíon
Leis an treoir clár is féidir:
• Taifeadtaí clár a sceidealadh. Féach Bain
níos mó úsáide as do theilifíseán >
Taifead seónna teilifíse > Sceideal
taifeadtaí (Lch 26).
• Cainéil a aithint.
• An lá taispeána a roghnú.
• Athlódáil agus zúmáil isteach sa treoir
clár.
• Féachaint ar eolas slándála.
Nóta: Braithfidh na roghanna ar an eolas clár
atá ar fáil ón gcraoltóir.
1. Sa treoir clár, brúigh OPTIONS.
2. Roghnaigh rogha, ansin brúigh OK:
• [Taifead]: Socraigh taifeadadh sceidealta.
• [Aithin cainéal]: Tabhair eolas cainéil
chun dáta de láimh.
• [Roghnaigh lá]: Roghnaigh an lá
taispeána.
• [Taifeadadh láimhe]: Socraigh
taifeadadh láimhe.
• [Athlódáil leathanach]: Athnuaigh an
leathanach taispeána.
• [Zúmáil]: Athraigh leibhéal zúmála an
leathanaigh taispeána.
• [Eolas slándála]: Taispeáin eolas slándála
cláir.
Seinn comhaid ilmheáin
An méid is féidir leat a dhéanamh
Is féidir leat físeáin, grianghraif, agus ceol a
sheinm ar do theilifíseán ó:
• Do ríomhaire ach é bheith ceangailte
den líonra baile.
• Gléas USB atá ceangailte den teilifíseán.
Seinn comhaid ón ríomhaire
An méid a bheidh uait
• Líonra baile sreangtha nó gan sreang,
agus é ceangailte de ródaire uilíoch Plug
and Play (uPnP).
• I gcás líonraí sreangtha: Cábla LAN a
cheanglaíonn do theilifíseán den líonra
baile.
• I gcás líonraí gan sreang PFL32x8:
Cuibheoir USB PTA128 gan sreang, de
chuid Philips (a dhíoltar mar mhír ar
leithligh)
• Freastalaí meán ag rith ar do ríomhaire.
• Socruithe cuí ar bhalla tine do ríomhaire
chun gur féidir leat an freastalaí meán a
rith.
Cumraigh an líonra
1. Ceangail do theilifíseán agus an ríomhaire
den líonra baile céanna. Féach Ceangail do
theilifíseán > Ceangail de líonra agus den
Idirlíon (Lch 57).
2. Cas do ríomhaire agus an ródaire air.
Nóta:
Mura bhfilleann an gléas ar mhód DLNA
toisc cur isteach leictreach ó lasmuigh (m.sh.
díluchtú leictreastatach), beidh gá le
hidirghabháil ón úsáideoir.
Cumraigh comhroinnt meán
1. Suiteáil freastalaí meán ar do ríomhaire
chun comhaid meán a chomhroinnt. Seo a
leanas roinnt freastalaithe meán:
• Le haghaidh PC: Windows Media Player
11 (nó níos airde) nó TVersity
• Le haghaidh Mac: Twonky
2. Cuir comhroinnt meán air ar do ríomhaire
leis an bhfreastalaí meán. Gheobhaidh tú
tuilleadh eolais ar conas freastalaí meán a
chumrú ach dul chuig suíomh Gréasáin an
fhreastalaí mheán.