operation manual

GA 15
Gaeilge
Éist le raidió digiteach
Is féidir éisteacht le cainéil dhigiteacha raidió,
ach iad a bheith ar fáil. Suiteáiltear iad sa
ghnáthchúrsa nuair a shuiteálann tú na cainéil
teilifíse.
1. Agus tú ag féachaint ar teilifís, brúigh
LIST.
Taispeántar an liosta cainéal.
2. Brúigh OPTIONS.
3. Roghnaigh [Scagaire] > [Raidió], ansin
brúigh OK.
4. Roghnaigh cainéal raidió, ansin brúigh OK.
Féach ar ghléasanna ceangailte
Ní mór an gléas a cheangal den teilifís sular
féidir féachaint air. Féach Ceangail do
theilifíseán > Ceangail gléasanna (Lch 46).
Roghnaigh gléas le SOURCE
1. Brúigh SOURCE.
2. Roghnaigh gléas, ansin brúigh OK.
Roghnaigh gléas ón roghchlár Baile
1. Brúigh .
2. Roghnaigh [Foinse], ansin brúigh OK.
3. Roghnaigh an gléas, ansin brúigh OK.
Chun cur le do ghléasanna ceangailte nó iad a
bhainistiú, féach Ceangal do theilifíseán >
Féach ar ghléasanna ceangailte > Athraigh
socruithe gléis (Lch 54).
Úsáid réamhshocruithe pictiúir agus
fuaime
Faightear socruithe réamhshainithe pictiúir
agus fuaime in éineacht le do theilifíseán. Is
féidir na socruithe sin a chur i bhfeidhm nó
iad a shaincheapadh.
Roghnaigh do rogha socruithe pictiúir
1. Agus tú ag féachaint ar teilifís, brúigh
OPTIONS.
2. Roghnaigh [Pictiúr agus fuaim] > [Stíl
phictiúir], ansin brúigh OK.
3. Roghnaigh rogha, ansin brúigh OK:
[Pearsanta]: Cuir do shocruithe
pearsantaithe pictiúir i bhfeidhm.
[Beoga]: Socruithe saibhre dinimiciúla,
oireann siad do dhaoine a fhéachann ar
teilifís i rith an lae.
[Nádúrtha]: Socruithe nádúrtha pictiúir.
[Caighdeánach]: Réamhshocruithe a
oireann do gach timpeallacht agus do
gach cineál físeáin, nach mór.
[Scannán]: Socruithe a oireann do
scannáin.
[Grianghraf]: Socruithe a oireann do
ghrianghraif.
[Tíosach ar fhuinneamh]: Na socruithe
is mó a chaomhnaíonn fuinneamh.
Roghnaigh do rogha socruithe fuaime
1. Agus tú ag féachaint ar teilifís, brúigh
OPTIONS.
2. Roghnaigh [Pictiúr agus fuaim] > [Stíl
fuaime], ansin brúigh OK.
3. Roghnaigh rogha, ansin brúigh OK:
[Pearsanta]: Cuir do shocruithe
pearsantaithe fuaime i bhfeidhm.
[Bunaidh]: Réamhshocruithe a oireann
do gach timpeallacht agus do gach cineál
comhad fuaime, nach mór.
[Scannán]: Socruithe a oireann do
scannáin.
[Ceol]: Socruithe a oireann chun
éisteacht le ceol.
[Cluiche]: Socruithe a oireann do
chluichí.
[Nuacht]: Socruithe a oireann do
chomhaid fuaime, ar nós na nuachta.
Athraigh formáid pictiúir
Athraigh formáid an phictiúir ar mhaithe leis
an bhfoinse físeáin.
1. Brúigh FORMAT.
2. Roghnaigh formáid phictiúir, ansin brúigh
OK.
Braitheann na formáidí pictiúir atá ar fáil ar
fhoinse an fhíseáin:
[Uathlíon]: Ceartaigh an pictiúr chun an
scáileán a líonadh (bíonn na fotheidil le
feiceáil i gcónaí). Moltar é chun
saobhadh scáileáin a sheachaint a mhéid
is féidir ach ní haghaidh HD ná PC.
[Uathzúmáil]: Méadaigh an pictiúr chun
an scáileán a líonadh. Moltar é chun
saobhadh scáileáin a sheachaint a mhéid
is féidir ach ní haghaidh HD ná PC.