operation manual
GA 12
Cianrialú scáileáin
Slí eile le gléasanna cumasaithe ceangailte
HDMI-CEC a rialú ná trí chnaipí eile a
gheofar ar an gcianrialú scáileáin. Bí cinnte go
gcuirtear EasyLink ann tar éis ceangal. Léigh
tuilleadh mar gheall ar Easylink i Ceangail do
theilifís > Cumraigh gléasanna Easylink >
Rialaigh gléasanna (Lch 55).
Chun teacht ar an gcianrialú scáileáin
1. Agus tú ag féachaint ar ghléas ceangailte,
brúigh OPTIONS.
2. Roghnaigh [Taispeáin cianrialú], ansin
brúigh OK.
3. Roghnaigh cnaipe ar an scáileán, ansin
brúigh OK.
Rialú le fón cliste
Leis an bhfeidhmchlár fón cliste 'Philips
MyRemote', is féidir an fón cliste a úsáid mar
an dara cianrialtán, agus fiú mar mhéarchlár. Is
féidir féachaint ar sheó scannán d'íomhánna i
d'fhón cliste ar an teilifís.
Nóta: Bí cinnte go mbíonn an teilifís agus an
fón cliste ceangailte den líonra áitiúil céanna.
Gheofar tuilleadh eolais ar Ceangail do
theilifís > Ceangail de líonra agus den
Idirlíon (Lch 57).
Lean na treoracha chun an feidhmchlárPhilips
MyRemote'a íoslódáil:
1. Téigh chuig Siopa Apple App nó Google
Play chun an feidhmchlár 'Philips MyRemote'
a íoslódáil ar d'fhón cliste.
2. Lean na treoracha a gheofar sa siopa
feidhmchlár.
Féach ar teilifís
Cuir an teilifís ann nó as
Cuir an teilifís ann
• Ceangail an teilifíseán den asraon
príomhchumhachta agus cuir an
phríomhchumhacht ann.
• Mura bhfuil an teilifíseán curtha ann,
fanfaidh an LED fuireachais as. Brúigh
ar an teilifíseán.
• Má tá an LED fuireachais lasta, brúigh
ar an gcianrialtán./
Nóta: Beidh moill bheag ann sula
bhfreagraíonn an teilifíseán.
Leid: Más mian leat an teilifís a chur ann ó
fhuireachas ach ní féidir leat teacht ar an
gcianrialtán, brúigh cnaipe ar bith ar an
teilifíseán.
Cuir an teilifíseán ar fuireachas
Brúigh ar an gcianrialtán./
Athraíonn an LED fuireachais ar an teilifíseán
go dearg.
Cuir an teilifís as
Brúigh ar an teilifíseán.
Múchann an LED fuireachais.
Nóta: Cé gur beag fuinneamh a ídíonn an
teilifíseán agus é ar fuireachas nó as,
úsáideann sé fuinneamh éigin. Mura bhfuil i
gceist agat an teilifíseán a úsáid go ceann
tamaill fhada, dícheangal é den phlocóid
phríomhchumhachta.