operation manual

cainéal
Roghnaigh formáid pictiúr nach mbaineann 'Uath' leis.
Tá suíomh an phictiúir mícheart
D'fhéadfadh sé tarlú nach n-oireann comharthaí pictiúr ó
ghléasanna áirithe don scáileán i gceart. Seiceáil aschur
comhartha an ghléis nasctha.
Níl an pictiúr ríomhaire cobhsaí
Cinntigh go n-úsáideann do ríomhaire an taifeach agus ráta
athnuacha a dtacaítear leo.
Naisc
HDMI
• Tabhair faoi deara go bhféadfadh tacaíocht HDCP (Cosaint
Ábhar Digiteach Ard-Bandaleithead) in ann moill a chur ar an
méid ama a thógann sé do theilifís ábhar ó ghléas HDMI a
thaispeáint.
• Mura n-aithníonn an teilifís an gléas HDMI agus mura bhfuil
aon phictiúr ar taispeáint, athraigh an fhoinse ó ghléas amháin go
gléas eile agus ar ais arís.
• Má chuirtear isteach ar an bhfuaim go heatramhach, cinntigh
go bhfuil na socruithe aschuir ón ngléas HDMI ceart.
• Má tá cuibheoir HDMI-go-DVI nó cábla HDMI-go-DVI in úsáid
agat, cinntigh go bhfuil cábla fuaime breise nasctha le AUDIO IN
(mion-seac amháin), más ann dó.
Ní oibríonn EasyLink
• Cinntigh go bhfuil do ghléasanna HDMI comhoiriúnach le
HDMI-CEC. Ní oibríonn gnéithe EasyLink ach amháin le
gléasanna atá comhoiriúnach le HDMI-CEC.
Níl an deilbhín don airde fuaime ar taispeáint
• Gnáth-iompar é sin nuair atá gléas fuaime HDMI-CEC naschta.
Ní thaispeántar grianghraif, físeáin agus ceol ó ghléas USB
• Cinntigh go bhfuil an gléas stórála USB socraithe chun a bheith
comhoiriúnach le hAicme Ollstórála, mar atá curtha síos air i
gcáipéisíocht an ghléis stórála.
• Cinntigh go bhfuil the gléas stórála USB comhoiriúnach leis an
teilifís.
• Cinntigh go dtacaíonn an teilifís na formáidí comhaid fuaime
agus pictiúir.
Athsheinnt briste comhad USB
• D'fhéadfadh feidhmíocht aistrithe an ghléis stórála USB srian a
chur ar an ráta aistrithe sonraí chuig an teilifís, a bhfuil athsheinnt
briste mar thoradh uirthi.
23.2
Cláraigh
Cláraigh do theilifís agus bain leas as raon tairbhí lena n-áirítear
tacaíocht iomlán (íoslódálacha san áireamh), rochtain
phribhléideach a fháil ar fhaisnéis maidir le táirgí nua, tairiscintí
agus lascainí eisiacha agus an deis duaiseanna a bhuachan agus fiú
páirt a ghlacadh i suirbhéanna speisialta faoi eisiúintí nua.
Tabhair cuairt ar
www.philips.com/welcome
23.3
Cabhair
Tugann an teilifís seo cabhair ar an scáileán.
Oscail Cabhair
1 - Brúigh
chun an roghchlár Baile a oscailt.
2 - Roghnaigh
Cabhair
agus brúigh
OK
.
Chun cuardach a dhéanamh do thopaicí de réir aibítre,
roghnaigh
Eochairfhocail
.
Chun Cabhair a léamh mar leabhar, roghnaigh
Leabhar
.
Sula leanfaidh tú treoracha Cabhair, dún Cabhair.
Chun Cabhair a dhúnadh, brúigh
.
Cabhair dhíreach
Brúigh an eochair
(gorm) chun Cabhair a oscailt láithreach.
Osclóidh Cabhair sa chaibidil is mó atá ábhartha dó siúl atá siúl
agat nó atá roghnaithe ar an teilifís.
I gcás gníomhaíochtaí áirithe, cosúíl le Téacs (Teilithéacs), tá
feidhmeanna sonracha ag na heochracha dathanna agus ní féidir
leo Cabhair a oscailt.
Cabhair teilifíse ar do tháibléad, d'fhón cliste nó do ríomhaire
Chun go n-éascófaí seichimh fada treoracha, is féidir leat Cabhar
teilifís a íoslódáil i bhformáid PDF le haghaidh a léite ar d'fhón
cliste, taibléad nó ríomhaire. Mar rogha air sin, is féidir leat an
leathanach ábhartha ó Chabhair ó do ríomhaire.
Chun Cabhair (lámhleabhar úsáideora) a íoslódáil, tabhair cuairt
ar
www.philips.com/support
UMv 7500140507 - 20141022
23.4
Cabhair ar líne
Is féidir leat dul i gcomhairle lenár dtacaíocht ar líne chun aon
fhadhb a bhaineann le teilifís Philips a réiteach. Is féidir leat do
theanga a roghnú agus uimhir do mhúnla táirge a chur isteach.
Tabhair cuairt ar
www.philips.com/support
.
Is féidir leat an uimhir teileafóin chun dul i dteagmháil linn i do
thír féin a aimsiú ar an suíomh tacaíochta, chomh maith le
freagraí do cheisteanna coitianta (CCanna). I roinnt tíortha is
féidir leat labhairt le duine dár gcomhghleacaithe agus do cheist a
chur go díreach nó trí ríomhphost.
Is féidir leat bogearraí nua teilifíse a íoslódáil nó an treoirleabhar
chun é a léamh ar do ríomhaire.
86