operation manual
22
Bogearaí
22.1
Nuashonrú bogearraí
Nuashonraigh ó USB
D'fhéadfadh sé a bheith riachtanach bogearraí na teilifíse a
nuashonrú. Teastaíonn ríomhaire uait le nasc ardluais don Idirlíon
agus gléas cuimhne USB chun na bogearraí a uaslódáil ar an
teilifís ón USB. Úsáid gléas cuimhne USB a bhfuil 256MB de spás
saor air. Bí cinnte go bhfuil cosaint ar scríobh casta as.
1 -
Tosaigh an nuashonrú ar an teililfís
Brúigh
, roghnaigh
Suiteáil
agus brúigh
OK
.
Roghnaigh
Nuashonraigh bogearraí
>
USB
agus brúigh
OK
.
2 -
Aithin an teilifís
Cuir an chuimhne USB isteach i gceann de na naisc USB ar an
teilifís.
Roghnaigh
Tosaigh
agus brúigh
OK
. Scríobhtar comhaid
aitheantais ar an ngléas cuimhne USB.
3 -
Íoslódáil bogearraí na teilifíse
Cuir an chuimhne USB isteach i do ríomhaire.
Ar an ngléas cuimhne USB, aimsigh an comhad
update.htm
agus
cliceáil faoi dhó air.
Cliceáil ar
Seol ID
.
Má tá bogearraí nua ar fáil, íoslódáil an comhad .zip.
I ndiaidh na híoslódála, dízipeáil agus cóipeáil an comhad
autorun.upg
go dtí an gléas cuimhne USB.
Ná cuir an comhad seo i bhfillteán.
4 -
Nuashonraigh bogearraí na teilifíse
Cuir an chuimhne USB isteach sa teilifís arís. Tosóidh an
nuashonrú go huathoibríoch.
Casann an teilfís í féin as ar feadh 10 soicind agus ansin casann sí
air arís. Fan le do thoil.
Ná. . .
• úsáid an cianrialtán
• bain an gléas cuimhne USB amach ón teilifís
Má chliseann ar an gcumhacht i rith an nuashonraithe, ná bain as
an gléas cuimhne USB ón teilifís go deo. Nuair a thiocfaidh an
chumhacht ar ais, leanfaidh an nuashonrú ar aghaidh.
Ag deireadh an nuashonraithe, taispeánfar an teachtaireacht
Oibríocht rathúil
ar an scáileán. Bain amach an gléas cuimhne
USB agus brúigh
ar an gcianrialtán.
Ná. . .
• brúigh
faoi dhó
• brúigh an lasc cumhachta ar an teilifís
Casann an teilfís í féin as ar feadh 10 soicind agus ansin casann sí
air arís. Fan le do thoil.
Tá bogearraí na teilfíse nuashonraithe. Is féidir leat an teilifís a
úsáid arís.
Scrios an comhad autorun.upg ón ngléas cuimhne USB chun
nuashonrú tionóisceach bhogearraí na teilifíse a chosc.
Nuashonrú ón Idirlíon
Má tá an teilifís nasctha leis an Idirlíon, d'fhéadfá teachtaireacht a
fháil ó TP Vision chun bogearraí na teilifíse a nuashonrú.
Teastaíonn nasc ardluais (leathanbhanda) don Idirlíon.
Má fhaigheann tú an teachtaireacht seo, molaimid duit an
nuashonrú a dhéanamh.
Roghnaigh Nuashonraigh. Lean na treoracha ar an scáileán.
Is féidir leat freisin cuardach a dhéanamh do nuashonruithe tú
féin.
Chun cuardach a dhéanamh do nuashonrú. . .
1 - Brúigh
agus roghnaigh
Suiteáil
agus brúigh
OK
.
2 - Roghnaigh
Nuashonraigh bogearraí
>
Teilfís leis an
Idirlíoin
, ansin brúigh
OK
. Lean na treoracha ar an scáileán.
Nuair atá an nuashonrú críochnaithe, casann an teilifís as agus air
arís go huathoibríoch.
Fan go gcasfaidh an teilifís í féin air arís.
22.2
Leagan bogearraí
Chun féachaint ar leagan reatha bogearraí na teilifíse . . .
1 - Brúigh
agus roghnaigh
Suiteáil
agus brúigh
OK
.
2 - Roghnaigh
Socruithe bogearraí
agus brúigh
OK
.
3 - Roghnaigh
Eolas faoin mbogearraí reatha
agus féach ar
Leagan Eisiúna.
4 - Brúigh
, arís agus arís eile, más gá, chun an roghchlár a
dhúnadh.
22.3
Bogearraí foinse oscailte
Tá bogearraí foinse oscailte sa teilifís seo. Tairgeann TP Vision
Europe B.V. leis seo cóip den chód foinse comhfhreagrach
iomlán do na pacáistí bogearraí foinse oscailte faoi chóipcheart a
úsáidtear sa táirge seo a sheachadadh, ach iarratas a bheith
déanta, sa chás go bhfuil a leithéid de thairiscint iarrtha ag na
ceadúnais faoi seach.
Tá an tairiscint seo bailí ar feadh tréimhse suas le trí bliana i
ndiaidh an táirgeadh a cheannach do dhuine ar bith a bhfuil an t-
eolas seo acu.
Chun an cód foinse a fháil, scríobh i mBéarla le do thoil chuig . . .
Intellectual Property Dept.
TP Vision Europe B.V.
Prins Bernhardplein 200
1097 JB Amsterdam
The Netherlands
79