operation manual

19
Ilseomra
19.1
Maidir le hIlseomra
Is féidir leat féachaint ar chlár teilifíse a thagann ó theilifís i do
theach le hIlseomra. Déantar an clár a shruthú ó theilifís amháin
go teilifís eile. Is féidir leat clár a shruthú chuig teilifís nach bhfuil
aon nasc aeróige aici ná suibscríbhinn cárta Cliste dá cuid féin. Is
féidir leat clár taifeadta a shruthú ó theilifís a bhfuil Diosca Crua
nasctha aici.
Ní mór don teilifís a shruthaíonn an clár chuig an teilifís eile a
bheith casta air agus ní mór di tiúináil chuig an gcainéal nó an
taifead a sheinnt.
Laghdófar an taifeach pictiúir go 720p ar a mhéid nuair a
shruthaítear clár teilifíse le hIlseomra. Ní féidir leat cainéil raidió a
shruthú. Cuireann roinnt craoltóirí cosaint ar a gcláir chun an
cineál seo sruthaithe a chosc.
19.2
Na rudaí a bheidh ag teastáil uait
Chun clár teilifíse a shruthú ó theilifís amháin go ceann eile, ní
mór don chlár teacht ó chainéal teilifíse digití.
Ní mór don dá teilifís a bheith nasctha le do líonra baile gan
sreang. Chun tuilleadh eolais a fháil,
brúigh
Eochairfhocail
agus déan cuardach do
Líonra gan
Sreang
.
Ní mór don dá theilifís freisin uimhir múnla Philips a bheith acu a
chríochnaíonn le 8 nó níos airde - e.g. xxXXXxxx
8
. D'fhéadfadh
sé a bheith riachtanach an teilifís níos sine a nuashonrú leis na
bogearraí is nuaí. Léigh an chaibidil i gCabhair faoin gcaoi
bogearraí a nuashonrú ar an teilifís níos sine.
Cinntigh go bhfuil an socrú
Cas air le Wi-Fi (WoWLAN)
casta
air ag an dá theilifís sa tsuiteáil teilifíse.
Chun an socrú seo a sheiceáil ar an teilifís…
1 - Brúigh
, roghnaigh
Suiteáil
agus brúigh
OK
.
2 - Roghnaigh
Socruithe líonra
>
Cas air le Wi-Fi
agus
roghnaigh
Air
, agus brúigh
OK
.
3 - Brúigh
BACK
, arís agus arís eile, más gá, chun an
roghchlár a dhúnadh.
19.3
Ag úsáid Ilseomra
Úsáid den chéad uair
Nuair a thosaíonn tú Ilseomra den chéad uair, cas air an dá
theilifís.
Chomh luath is a bheidh nasc déanta idir an teilifís seo agus an
teilifís eile, beidh an ceann eile le feiceáil go huathoibríoch sa
líonra Brabhsála
fiú nuair atá sé ar fuireachas.
Cainéal teilifíse a shruthú
Is féidir leat féachaint ar an gcainéal teilifíse reatha le hIIlseomra
nó liosta cainéal na teilifíse eile a oscailt. Má roghnaíonn tú
cainéal ón liosta, athróidh an teilifís eile go dtí an cainéal atá
roghnaithe agat. Má tá tiúnóir satailíte ionsuite ag an teilifís eile
agus cainéil suiteáilte nó Tiomántán Crua (HDD) a bhfuil
taifeadtaí air*, is féidir leat féachaint orthu sin freisin ar an teilifís
seo. Ní féidir leat cainéil a athrú nuair atá an teilifís eile i mbun
taifeadta, i mód Cuir Teilifís ar Sos nó i mbun úsáide Skype.
Chun féachaint ar chainéal teilifíse ón teilifís eile . . .
1
- Bí cinnte go bhfuil an teilifís eile i staid fuireachais* nó casta
air.
2
- Brúigh
SOURCE
ar an teilifís seo, roghnaigh
Brabhsáil
líonra
agus brúigh
OK
.
3
- Mura bhfuil an teilifís nasctha le do líonra baile fós, tosóidh an
tsuiteáil líonra go huathoibríoch. Má tá an teilifís nasctha cheana
féin, gabh ar aghaidh go dtí céim 4.
4
- Sa roghchlár
Brabhsáil líonra
, roghnaigh ainm na teilifíse eile
agus brúigh
OK
. Má tá go leor teilifíseanna i do theach agat,
d'fhéadfá a bheith ag iarraidh ainm na teilifíse eile a athrú. Is féidir
leat é sin a dhéanamh ar an teilifís féin.
5
- Roghnaigh a bhfuil uait féachaint air ón teilifís eile. . .
• Chun féachaint ar chainéal reatha na teilifíse eile, roghnaigh
Cainéal reatha
agus brúigh
OK
.
• Chun liosta cainéal na teilifíse eile a oscailt, roghnaigh
Féach ar
theilifís
agus brúigh
(Deas).
• Chun liosta cainéal satailíte na teilifíse eile a oscailt, roghnaigh
Féach ar Shatailít
agus brúigh
(Deas).
• Chun liosta na dtaifeadtaí* ar an teilifís eile a oscailt, roghnaigh
Féach ar thaifeadtaí
agus brúigh
(Deas).
• Is féidir leat cainéil a athrú le
+
agus
-
. Ní féidir leat
cainéil a athrú nuair atá an teilifís eile i mbun taifeadta, i mód
Cuir teilifís ar sos nó i mbun úsáide Skype.
* Chun an teilifís eile a chasadh air ó fhuireachas nó chun
féachaint ar a taifeadtaí ó HDD nasctha, ní mór uimhir cineáil a
chríochnaíonn le 8 nó níos airde a bheith ag an dá theilifís, e.g.
xxXXXxxx8 or xxXXXxxx9.
64