operation manual
App gallery (gailearaí na bhFeidhmchlár)
Oscail
App gallery (gailearaí na bhFeidhmchlár)
i Smart TV chun
na feidhmchláir a bhrabhsáil, ar bailiúchán de láithreáin ghréasáin
iad atá curtha in oiriúint don teilifís.
Aimsigh an Feidhmchlár d'fhíseáin YouTube, nuachtán náisiúnta,
albam grianghraf ar líne, Facebook, Twitter, srl . Tá Feidhmchláir
ann chun físeán a fháil ar cíos ó shiopa físeán ar líne agus chun
féachaint ar chláir a chaill tú. Mura bhfaighidh tú a bhfuil uait san
App gallery (gailearaí na bhFeidhmchlár), bain triail as an
nGréasán Domhanda agus bí ag scimeáil ar an Idirlíon ar an
teilifís.
Feidhmchláir d'Fhíseáin ar cíos
Is féidir leat an scannán is fearr leat a thógáil amach ar cíos ó
shiopa físeáin ar cíos leis na Feidhmchláir siopa físeán in Smart
TV. Is féidir leat íoc go sábháilte le do chárta creidmheasa.
Scannán a thógáil amach ar cíos
1 - Oscail Feidhmchlár Siopa Físeán i do liosta Feidhmchlár nó
roghnaigh físeán atá molta ar leathanach tosaigh Smart TV.
2 - Roghnaigh scannán.
3 - Déan íocaíocht ar líne.
4 - Tosaigh ag féachaint. Is féidir leat na heochracha
(Seinn)
agus
(Cuir ar sos) a úsáid.
Iarrfaidh formhór na siopaí Físeán ort cuntas a chruthú chun
logáil isteach.
Físeán sruthaithe
Is féidir leat féachaint ar fhíseáin a seoltar i bhformáid físe
sruthaithe leis an teilifís seo. Is féidir leat féachaint ar an scannán
beagnach go comhuaineach. D'fhéadfadh Diosca Crua USB a
bheith ag teastáil chun roinnt maolán físe a stóráil. Má tá Diosca
Crua USB nasctha, Is féidir leat freisin físeáin ar cíos a íoslódáil ó
shiopaí físeán a thairgeann íoslódáil scannán amháin. Is féidir leat
físeán ar cíos atá íoslódáilte a chur ar sos nó a thosú arís. Téigh i
gcomhairle leis an siopa físeán maidir le fad cíosa físeán ar cíos.
Trácht Idirlín
Má shruthaíonn nó má íoslódálann tú go leor físeán, d'fhéadfá
gabháil thar do theorainn tráchta Idirlín mhíosúil.
Teilifís ar líne
Is féidir leat féachaint ar chláir teilifíse atá caillte agat nó ag an am
is fearr a fheileann duit leis an bhFeidhmchlár Teilifís Ar Líne ar
leathanach tosaigh Smart TV*.
Oscail Teilifís Ar Líne
Chun an Feidhmchlár teilifíse ar líne a oscailt . . .
1 - Brúigh
Smart TV
.
2 - Ar an leathanach tosaigh, roghnaigh an deilbhín
Teilifís Ar
Líne
agus brúigh
OK
.
3 - Roghnaigh clár ar an leathanach agus brúigh
OK
chun tosú ag
féachaint. Is féidir úsáid a bhaint as na heochracha
(Seinn) agus
(Cuir ar sos).
Liosta in aghaidh craoltóra
Chun féachaint ar na cláir Teilifíse Ar Líne a d'ordaigh an
craoltóir, brúigh
,
Gach craoltóir
.
Roghnaigh craoltóir agus brúigh
OK
.
* Má tá fáil air i do réigiún.
18.5
Ilamharc
Agus tú ar Fheidhmchlár Smart TV nó ar an Idirlíon, is féidir leat
féachaint ar an gcainéal teililfíse reatha. Osclaíonn
Ilamharc
scáileán beag don chainéal teilifíse in aice le scáileán teilifíse an
Smart TV.
Chun Ilamharc a oscailt…
1 - Brúigh
SMART TV
chun Smart TV a oscailt.
2 - Brúigh
MULTI VIEW
chun an scáilen beag a oscailt.
3 - Brúigh
+
nó
–
chun an cainéal teilifíse a athrú sa
scáileán beag.
Ní féidir leis an scáileán Ilamharc fís a thaispeáint in 3D nó in
UHD. Nuair atá Ilamharc oscailte, ní féidir leat Pointeoir an
Chianrialtáin a úsáid nó luch USB nasctha a úsáid ar scáileán an
Smart TV.
18.6
Athshocraigh Smart TV
Chun do nasc a athshocrú le Smart TV, glan an cuimhne Idirlín ar
an teilifís.
Glanfaidh tú do chlárú le Philips Smart TV agus do shocrú do
rátáil tuismitheora, do shonraí logála isteach d'Fheidhmchlár
siopa físeáin, gach ceanán Feidhmchlár Smart TV,
leabharmharcanna Idirlíon agus stair.
Chun an cuimhne Idirlín a ghlanadh. . .
1
- Brúigh
agus roghnaigh
Suiteáil
agus brúigh
OK
.
2
- Roghnaigh
Socruithe líonra
>
Glan cuimhne Idirlín
agus
brúigh
OK
.
63