operation manual

Tosaíonn tú Feidhmchláir ó leathanach tosaigh Smart TV. Mura
bhfuil aon fheidhmchlár ar an leathanach tosaigh fós, is féidir leat
Feidhmchláir a chur leis ón App gallery (gailearaí na
bhFeidhmchlár).
App gallery (gailearaí na bhFeidhmchlár)
Gheobhaidh tú gach Feidhmchlár atá ar fáil san App gallery
(gailearaí na bhFeidhmchlár).
Idirlíon
Osclaíonn an Feidhmchlár Idirlín an Gréasán Domhanda ar do
theilifís.
Is féidir leat féachaint ar aon suíomh gréasáin ar an Idirlíon ar do
theilifís ach níl an chuid is mó acu feiliúnach do scáileán na
teilifíse.
- Tá roinnt breiseán (m.sh. chun féachaint ar leathanaigh nó ar
fhíseáin) nach bhfuil ar fáil ar do theilifís.
- Taispeántar leathanaigh Idirlín mar leathanach amháin ag aon
am amháin agus líonann siad an scáileán.
Feidhmchláir mholta
Tairgeann Philips raon Feidhmchlár atá molta do do thír san
fhuinneog seo, Feidhmchláir do theilifís Ar Líne nó raon scannán
ar féidir iad a thógáil amach ar cíos ó shiopaí Físeán. Is féidir leat
iad a roghnú agus a oscailt ó fhuinneog na bhFeidhmchlár Molta.
Cuardaigh
Is féidir leat an App gallery (gáilearaí na bhFeidhmchlár) a
chuardach le haghaidh Feidhmchláir ábhartha le Cuardaigh.
Cuir isteach eochairfhocal sa réimse téacs, roghnaigh
agus
brúigh
OK
chun an cuardach a thosú. Is féidir leat ainmneacha,
teidil, seánraí agus eochairfhocail tuairisciúla a chur isteach don
chuardach.
Mar rogha air sin, is féidir leat an réimse téacs a fhágáil folamh
agus cuardach a dhéanamh do na cuardaigh/eochairfhocail is mó
a bhfuil tóir orthu i raon catagóirí. Sa liosta eochairfhocal a
aimsíodh, roghnaigh eochairfhocal agus brúigh
OK
chun cuardach
a dhéanamh do mhíreanna a bhfuil an eochairfhocal sin iontu.
Oscail Feidhmchlár
Chun Feidhmchlár a oscailt, ní mór duit é a chur le liosta
d'Fheidhmchlár ar leathanach tosaigh an Smart TV i dtosach. Is
féidir leat Feidhmchláir a chur le do liosta ó ghailearaí na
bhFeidhmchlár.
Is féidir le liosta d'Fheidhmchlár ar leathanach tosaigh an Smart
TV a bheith roinnt leathanach ar fhad. Úsáid na heochracha
saighde chun dul go dtí an chéad leathanach eile nó an
leathanach roimhe sin. Mar rogha air in, brúigh
+
(An chéad
leathanach eile) nó
-
(An leathanach roimhe sin).
Oscail Feidhmchlár
Chun Feidhmchlár a oscailt
1
- Brúigh
agus roghnaigh
Smart TV
.
2
- Ar an leathanach tosaigh, roghnaigh deilbhín Feidhmchláir
agus brúigh
OK
.
Brúigh
i bhFeidhmchlár chun dul siar céim nó leathanach
amháin.
Feidhmchlár a dhúnadh
Chun Feidhmchlár a dhúnadh agus filleadh ar leathanach tosaigh
Smart TV, brúigh
Smart TV
.
Athlódáil leathanach Feidhmchláir
Murar lódáil leathanach Feidhmchláir i gceart, brúigh
OPTIONS
agus roghnaigh
Athlódáil
chun an leathanach a
athlódáil.
Zúmáil
Chun zúmáil iseach ar leathanach Feidhmchláir . . .
1
- Brúigh
OPTIONS
agus roghnaigh
Zúmáil leathanach
.
2
- Úsáid an barra sleamhnáin chun an leibhéal zúmála a shocrú.
3
- Téigh ar ais go dtí an gnáthamharc tríd an mbarra sleamhnáin
a athshocrú.
Féach ar eolas slándála
Is féidir leat leibhéal slándála leathanach Feidhmchláir a sheiceáil.
Brúigh
OPTIONS
ar leathanach Feidhmchláir agus roghnaigh
Eolas slándála
. Má tá glas
ar taispeáint in aice leis an mbeochan
lódála ag bun an scáileáin nuair atá an leathanach á lódáil, tá an t-
aistriú slán.
Aiseolas maidir le Feidhmchlár
Roghnaigh an Feidhmchlár agus brúigh
Aiseolas
chun cnaipe
'taitníonn' nó 'ní thaitníonn' a roghnú agus moladh nó tuairim a
sheoladh chugainn. Is féidir leat freisin scéal a chur chugainn
maidir le mífheidhm Feidhmchláir.
Do chuid Feidhmchláir a bhainistiú
Sa liosta Feidhmchlár ar leathanach tosaigh Smart TV is féidir leat
. . .
Feidhmchlár a bhaint as
Chun Feidhmchlár a bhaint ón liosta, roghnaigh deilbhín an
Fheidhmchláir agus brúigh
Bain as
. Beidh an Feidhmchlár ar
fáil i gcónaí san App gallery (gailearaí na bhFeidhmchlár).
Feidhmchlár a bhogadh
Chun suíomh an Fheidhmchláir sa liosta a athrú, roghnaigh
deilbhín an Fheidhmchláir, brúigh
Bog
agus bain úsáid as na
heochracha saighde chun suíomh an Fheidhmchláir a athrú.
Brúigh
OK
chun an suíomh a dhearbhú.
Feidhmchlár a ghlasáil
Chun Feidhmchlár a ghlasáil, roghnaigh deilbhín an Fheidhmchláir
agus brúigh
Glasáil
.
Nuair a ghlasálann tú Feidhmchlár, ní mór duit an cód PIN 4 digit
a shocraigh tú don rialachán Tuismitheoirí nuair a chumraigh tú
Smart TV a chur isteach. Marcáltar Feidhmchlár atá glasáilte sa
liosta le glas
.
Chun Feidhmchlár a díghlasáil, roghnaigh deilbhín an
Fheidhmchláir agus brúigh
Díghlasáil
. Ní mór duit an cód UAP
4 digit a chur isteach chun é a díghlasáil.
62