operation manual

Is féidir leat glaoch ar do chairde agus iad a fheiceáil in aon áit ar
domhan.
Teastaíonn ceamara a bhfuil micreafón ionsuite aige agus nasc
maith leis an Idirlíon uait chun físghlao a dhéanamh. Tá ceamara
agus micreafón ionsuite ag roinnt teilifíseanna Philips.
In
Cabhair
, brúigh
Eochairfhocail
agus cuardaigh
Skype
chun
tuilleadh eolais a fháil.
1.6
Fóin chliste agus táibléid
Íoslódáil an feidhmchlár
Philips MyRemote
ó shiopa feidhmchlár
d'fhóin chliste nó do thaibléid chun d'fhón cliste nó do thaibléad
a úsáid mar chianrialtán teilifíse nó mar do rialaitheoir meán.
Oibrigh do theilifís ó d'fhón cliste nó do thaibléad, athraigh an
cainéal nó athraigh an airde fuaime. Is féidir leat d'fhón nó do
thaibléad a úsáid chun grianghraif, ceol nó físeáin a sheoladh ó
do ríomhaire go dtí do theilifís leis an bhfeidhmchlár MyRemote.
Agus nuair atá an feidhmchlár MyRemote ar thaibléad agat, is
féidir leat an t-eolaire teilifíse a fháil, léamh faoi na cláir teilifíse
agus an teilifís a athrú go dtí cainéal eile díreach le tapa amháin
méir. Tá an feidhmchlár MyRemote ar fáil don iOS agus
d'Android.
In
Cabhair
, brúigh
Eochairfhocail
agus cuardaigh
feidhmchlár
MyRemote
chun tuilleadh eolais a fháil.
1.7
An teilifís a chur ar sos agus
taifeadtaí
Má nascann tú
Diosca Crua USB
, is féidir leat craoladh a chur ar
sos agus a thaifeadadh ó chainéal teilifíse digití.
Cuir do theilifís ar sos agus freagair an fón, nó díreach bíodh
briseadh agat i rith cluiche. Stórálann an teilifís an craoladh ar an
Diosca Crua USB agus is féidir leat féachaint air arís ar ball.
Nuair atá Diosca Crua USB nasctha agat, is féidir leat craoltaí
digiteacha a thaifeadadh freisin. Is féidir leat taifeadadh nuair atá
tú ag féachaint ar chlár, nó clár atá le craoladh sa todhchaí a
sceidealú.
In
Cabhair
, brúigh
Eochairfhocail
agus cuardaigh
Cuir teilifís
ar sos
Taifeadadh
chun tuilleadh eolais a fháil.
1.8
EasyLink
Is féidir leat gléas nasctha, cosúil le seinnteoir Diosca Blu-ray, a
oibriú le cianrialtán na teilifíse nuair atá
EasyLink
agat.
Baineann EasyLink úsáid as HDMI CEC chun cumarsáid a
dhéanamh leis na gléasanna nasctha.
In
Cabhair
, brúigh
Eochairfhocail
agus cuardaigh
EasyLink
chun tuilleadh eolais a fháil.
5