operation manual

14
Do ghrianghraif, físeáin
agus ceol
14.1
Ó nasc USB nó ríomhaire líonra
Na rudaí a bheidh ag teastáil uait
Is féidir leat féachaint ar do ghrianghraif nó do cheol a sheinnt ó
dhiosca cuimhne USB nó ó Dhiosca Crua USB. Má tá ríomhaire i
do líonra baile agat, is féidir leat féachaint ar na comhaid ar do
ríomhaire nó iad a sheinnt ar an teilifís.
Ó ghléas USB
Agus an teilifís casta air agat, plugáil isteach diosca cuimhne USB
nó Diosca Crua USB i gceann de na naisc USB. Braitheann an
teilfís an gléas agus tugann sé liosta de do chomhaid.
Mura mbeidh an liosta le feiceáil go huathoibríoch, brúigh
,
roghnaigh
SOURCES
roghnaigh
Brabhsáil USB
agus brúigh
OK
.
Rabhadh:
Má dhéanann tú iarracht clár a chur ar sos nó é a thaifeadadh
nuair atá Diosca Crua USB, iarrfaidh an teilifís ort an Diosca Crua
USB a fhormáidiú. Scriosfaidh an formáidiú seo gach comhad
reatha ar an Diosca Crua USB.
Ó ríomhaire
Má tá an teilifís agus an ríomhaire sa líonra céanna, is féidir leis an
teilifís brabhsáil do chomhaid atá stóráilte ar do ríomhaire agus
iad a sheinnt.
Ní mór duit bogearraí freastalaí meán cosúil le Twonky™ a
shuiteáil ar do ríomhaire chun comhaid a roinnt leis an teilifís.
Taispeánfaidh an teilfís do chomhaid agus d'fhillteáin mar atá siad
eagraithe ar do ríomhaire.
Chun na comhaid ar do ríomhaire a bhrabhsáil, brúigh
,
roghnaigh
SOURCES
roghnaigh
Brabhsáil líonra
agus
brúigh
OK
.
Barra roghchláir agus sórtáil
Nuair atá gléas USB nasctha agat, sórtálann an teilifís na comhaid
de réir cineáil. Téigh go dtí an barra roghchláir agus roghnaigh an
cineál comhaid atá á chuartú agat.
Má bhrabhsálann tú comhaid ó ríomhaire, ní féidir leat ach na
comhaid agus na fillteáin a bhrabhsáil mar atá siad eagraithe ar an
ríomhaire.
Barra roghchláir
Téigh go dtí an barra roghchláir agus roghnaigh an cineál
comhaid a bhfuil tú ag iarraidh féachaint air nó a sheinnt.
Roghnaigh
Grianghraif
,
Ceol
Físeáin
. Mar rogha
air sin, is féidir leat an t-amharc
Fillteáin
a oscailt agus
féachaint ar d'fhillteáin agus iad a bhrabhsáil chun comhad a
aimsiú.
Sórtáil
Chun do ghrianghraif a bhrabhsáil de réir dáta, míosa, bliana nó
aibítre, brúigh
Sórtáil
.
Chun do cheol a bhrabhsáil de réir albaim, ceoltóra, séanra, nó
aibítre, brúigh
Sórtáil
.
Sórtáiltear físeáin de réir aibítre.
Féach ar ghrianghraif
Chun féachaint ar ghrianghraif, roghnaigh
Grianghraif
sa
bharra roghchláir, roghnaigh mionshamhail grianghraif agus brúigh
OK
.
Má tá roinnt grianghraf san fhillteán céanna, roghnaigh grianghraf
agus brúigh
Taispeántas sleamhnán
chun taispeántas
sleamhnán de gach grianghraf san fhillteán seo a thosú.
Chun gabháil ar aghaidh go dtí an chéad ghrianghraf eile nó an
ceann roimhe sin, brúigh
+
-
.
Chun an taispeántas sleamhnán a stopadh nó an grianghraf a
dhúnadh, brúigh
LIST
(Stop).
Is féidir leat ceol a sheinnt le taispeántas sleamhnán.
Tosaigh an taispeántas sleamhnán tar éis duit an ceol a thosú.
1
- Roghnaigh amhrán nó fillteán a bhfuil amhráin ann agus
brúigh
OK
.
2
- Brúigh
LIST
agus roghnaigh
Grianghraif
.
3
- Roghnaigh grianghraf nó fillteán a bhfuil grianghraif ann agus
brúigh
Taispeántas sleamhnán
.
Eolas
Chun féachaint ar eolas maidir le grianghraf, (méid, dáta
cruthaithe, cosán comhad, srl.), roghnaigh grianghraf agus brúigh
INFO
.
Brúigh arís chun an t-eolas a chur i bhfolach.
Roghanna
Brúigh
OPTIONS
.
Malartú
Taispeánann sé do ghrianghraif in ord randamach.
47