operation manual
1
Mo theilifís nua
1.1
Smart TV
Nasc an
Philips Smart LED TV
leis an Idirlíon agus bain triail as
taithí nua teilifíse. Is féidir leat nasc sreinge a dhéanamh le do
ródaire nó is féidir leat nascadh gan aon sreang le Wi-Fi.
Nuair atá an teilifís nasctha le do líonra baile, is féidir le fón cliste
grianghraf a thaispeáint ar an teilifís, is féidir leat físeáin atá
stóráilte ar do ríomhaire a sheinnt nó an teilifís a rialú le do
tháibléad.
Má nascann tú do theilifís leis an Idirlíon, is féidir leat breathnú ar
fhíseán ar cíos ó shiopa físeáin ar líne, an t-eolaire teilifíse ar líne
a léamh nó an clár teilifíse is fearr leat a thaifeadadh ar Dhiosca
Crua USB.
Cuireann na Feidhmchláir Smart TV leis an spraoi le gach cineál
siamsaíochta agus seirbhísí caoithiúla.
In
Cabhair
, brúigh
Eochairfhocail
agus cuardaigh
Smart TV
chun tuilleadh eolais a fháil.
1.2
App gallery (gailearaí na
bhFeidhmchlár)
Oscail an
App gallery (gailearaí na bhFeidhmchlár)
i Smart TV
chun na feidhmchláir a bhrabhsáil, ar bailiúchán de láithreáin
ghréasáin iad atá curtha in oiriúint don teilifís.
Aimsigh an Feidhmchlár d'fhíseáin YouTube, nuachtán náisiúnta,
albam grianghraf ar líne, Facebook, Twitter, etc.
Tá Feidhmchláir ann chun físeán a fháil ar cíos ó shiopa físeáin ar
líne agus Feidhmchláir chun breathnú ar chláir atá caillte agat.
Mura bhfuil an rud atá de dhíth ort ar fáil sa (gailearaí na
bhFeidhmchlár), bain triail as an nGréasán Domhanda agus
scimeáil an tIdirlíon ar an teilifís.
In
Cabhair
, brúigh
Eochairfhocail
agus cuardaigh
App gallery
(gailearaí na bhFeidhmchlár)
chun tuilleadh eolais a fháil.
1.3
Físeáin ar cíos
Níl ort do theach a fhágáil chun féachaint ar
fhíseán ar cíos
.
Díreach tóg amach an scannán atá uait ó do shiopa físeáin ar líne
réigiúnach.
Tosaigh Smart TV agus cuir Feidhmchlár an tsiopa físeán ar
leathanach tosaigh an Smart TV.
Oscail Feidhmchlár an tsiopa físeán, cruthaigh do chuntas
pearsanta féin, roghnaigh an scannán agus brúigh Seinn.
Níl aon útamáil le híoslódáil, is féidir leat féachaint ar an scannán
láithreach*.
In
Cabhair
, brúigh
Eochairfhocail
agus cuardaigh
Físeáin ar
cíos
chun tuilleadh eolais a fháil.
* Ag brath ar sheirbhís fís-sruthaithe an tsiopa físeán atá i gceist.
1.4
Líonraí sóisialta
Ní gá duit éirí chun teachtaireachtaí ó do chara a sheiceáil ar do
ríomhaire.
Oscail Smart TV, roghnaigh do leathanach
líonra sóisialta
agus
seol teachtaireacht ar ais ó do tholg.
Tacaíonn Smart TV leis na líonraí sóisialta Facebook agus
Twitter.
In
Cabhair
, brúigh
Eochairfhocail
agus cuardaigh
App gallery
(gailearaí na bhFeidhmchlár)
chun tuilleadh eolais a fháil.
1.5
Skype
Is féidir leat glaonna físeáin a dhéanamh ar do theilifís in aisce le
Skype™
.
4