operation manual
Má tá an seinnteoir DVD nasctha le HDMI agus má tá EasyLink
CEC aige, is féidir leat an seinnteoir a oibriú le cianrialtán na
teilifíse.
Chun tuilleadh eolais a fháil faoi EasyLink,
brúigh
Eochairfhocail
agus déan cuardach do
EasyLink HDMI
CEC
.
4.9
Consól cluichí
HDMI
Nasc an consól cluiche leis an teilifíis le cábla HDMI ardluais chun
an caighdeán is fearr a fháil
Y Pb Pr - Fuaim Clé Deas
Nasc an consól cluiche le cábla físchomhartha comhpháirteanna
(Y Pb Pr) agus le cábla fuaim Deas/Clé leis an teilifís.
• Roinneann Y an seac céanna le CVBS.
• Roinneann Comhpháirt agus Ilchodach seaic fuaime.
CVBS - Fuaim Clé Deas / Scart
Nasc an consól cluiche leis an teilifís le cábla ilchodach (CVBS)
agus le cábla fuaime Deas/Clé leis an teilifís.
Mura bhfuil ach aschur Físeáin (CVBS) agus Fuaime Clé/Deas ag
do chonsól cluiche, úsáid cuibheoir Clé/Deas go Scart Fuaime
Físeáin chun nascadh leis an nasc SCART.
Tabhair faoi deara: ní chuirtear an Cuibheoir CVBS go SCART ar
fáil leis an teilifís.
CVBS - Fuaim Clé Deas
Nasc an consól cluiche leis an teilifís le cábla ilchodach (CVBS)
agus le cábla fuaime Deas/Clé leis an teilifís.
• Roinneann Y an seac céanna le CVBS.
• Roinneann Comhpháirt agus Ilchodach seaic fuaime.
4.10
Diosca Crua USB
Na rudaí a bheidh ag teastáil uait
Má nascann tú Diosca Crua USB, is féidir leat craoladh teilifíse a
chur ar sos nó a thaifeadadh. Ní mór don chraoladh teilifíse a
bheith ina chraoladh digiteach (craoladh DVB nó a
mhacasamhail).
Craoladh a chur ar sos
Chun craoladh a chur ar sos, teastaíonn Diosca Crua uait atá
comhoiriúnach le USB 2.0 agus a bhfuil ar a laghad 32GB spás
air.
Craoladh a thaifeadadh
Chun craoladh a chur ar sos agus a thaifeadadh, teastaíonn ar a
laghad 250GB spáis ar dhiosca.
17