User Manual

99
AIRDE NA FUAIME
Le haird ghinearálta na hionstraime a choigeartú,
bain úsáid as na cnaipí VOLUME + (lena hardú) nó
VOLUME – (lena hísliú)
. Má bhrúitear an cnaipe go
fada, baintear fad as an athrú. Chun an airde
chaighdeánach a athshocrú, brúigh na cnaipí
VOLUME + agus VOLUME – le chéile .
NA FUAIMEANNA
Le ceann den 40 fuaim atá i gcuimhne na hionstraime a
roghnú, brúigh an cnaipe SOUNDS
agus cuir isteach
an uimhir ó 0 go 39
le ceann amháin a roghnú as
measc an tábla "LIOSTA DE NA FUAIMEANNA" ag
deireadh an lámhleabhair seo; feictear uimhir na fuaime
a cuireadh isteach ar an taispeáint (m.sh. 001). Chun an
chéad fhuaim eile nó an fhuaim roimpi a roghnú, úsáid
na cnaipí Select Numb. +/– ar an méarchláir uimhriúil.
Sustain
Bain fad as fuaim nóta nuair a scaoiltear an eochair.
Chun an fheidhm seo a ghníomhachtú nó a dhíghnío
-
machtú brúigh an cnaipe SUSTAIN
.
Vibrato
Is modhnú fuaime é an mhaisíocht vibrato.
Chun an fheidhm seo a ghníomhachtú nó a
dhíghníomhachtú, brúigh an cnaipe VIBRATO
.
AN TRASUITEOIR
Leis na cnaipí +/– den TRANSPOSER is féidir
tonúlacht an mhéarchláir iomláin a thrasuí de +/– 6
leath-thon. Má bhrúitear ceann den dá chnaipe, feictear
an luach reatha go sealadach ar an taispeáint.
Má bhrúitear na cnaipí +/– den TRANSPOSER ag an am
céanna, filltear ar an luach normálta 0.
NA RITHIMÍ A ROGHNÚ
100 rithim i gcuimhne an mhéarchláir.
Roghnaítear iad tríd an gcnaipe RHYTHMS
a bhrú
agus ansin uimhir ó 0 go 99
le ceann a roghnú as
measc an tábla "LIOSTA DE NA RITHIMÍ" ag deireadh an
lámhleabhair seo; feictear uimhir na rithime a cuireadh
isteach ar an taispeáint (m.sh. 001). Chun an rithim a
sheinm nó a stopadh, brúigh an cnaipe START/STOP
.
Le luas na rithime a athrú, bain úsáid as na cnaipí
TEMPO +TEMPO –
. Má bhrúitear an cnaipe go
fada, baintear fad as an athrú. Chun an luas a thabhairt
ar ais chuig bunluas na rithime, brúigh an dá chnaipe
TEMPO + agus TEMPO – ag an am céanna .
Leis na cnaipí + / – de TEMPO, coigeartaítear luas tai
-
speána freisin.
EASY CHORD
Agus rithim á seinm, má bhrúitear an cnaipe EASY
CHORD
roinntear an méarchlár ina dhá chuid go
huathoibríoch agus is féidir na cordaí a chumadh sa
chuid ar chlé EASY CHORD (ó DÓ1
go FÁ#2) ar mhodh éascaithe le
méar, le dhá mhéarle trí mhéar
(féach tábla na gcordaí ag deireadh
an lámhleabhair seo).
ACC. VOL + Aride fuaime an tionlacain a ardú.
ACC VOL
Airde fuaime an tionlacain a laghdú.
Chun an mód EASY CHORD a fhágáil, brúigh an eochair
DEMO faoi dhó.
AN MÉADRANÓM
Cuidíonn an méadranóm le ceol a fhoghlaim tríd an am
a bhualadh le linn cleachtaí ceoil agus ionsamhlaíonn sé
an uirlis chlasaiceach a bhuaileann an t-am. Déantar é a
ghníomhachtú agus a dhíghníomhachtú tríd an gcnaipe
METRONOME
a bhrú.
Is iad na hamanna atá ar fáil: 1/4, 2/4, 3/4, 4/4; chun an
luas a athrú, bain úsáid as na cnaipí TEMPO +
TEMPO –
.
G A E I L G E